Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maoise, Snoigh dhuit féin dá chlár chloiche már na céad chláir: agus scriobhtha misi ar na cláruibhsin na bríathra do bhí ann sna céadchláruibh, do bhris tusa.
Agus ní thiocfa éanduine leachd súas, agus ná léig éanduine dfaicsin ar feadh an tsléibhe uile; agus ná leig na tréada nó na sealbhadha dinghilt as coinne an tsleibhe sin.
Agus do shnoigh sé dhá chlár chloiche do nós na gcéadchlár; agus do eirigh Maóise go moch ar maidin, agus do chuáidh súas ar shlíabh Sínái, mar do aithin an TIGHEARNA dhe, agus rug iona láimh leis an dá chlár chloiche sin.
Agus do ghabh an TIGHEARNA thairis as a choinne, agus do fhógair, An TIGHEARNA, An TIGHEARNA Día, trócaireach agus grásmhuil, fadfhuilnghtheach, agus iomlán do mhaith agus dfírinne,
Ag coimhéad trocaire do mhíltibh, ag maitheamh éigceart sáruighthe agus pheacaidh, agus nach sáorfuidh ar eanchor na ciontuigh; ag leanmhuin chiontadh na naithreachd ar an gcloinn, agus ar chloinn na cloinne, go nuige an treas agus an ceathramhadh glún.
Agus a dubháirt, Má fuáir mé annois grása ann do radharc, ó a TIGHEARNA, tigeadh an TIGHEARNA nar measg, guidhim thú; (óir is dáoine cruádhmhuiníl íad); agus maith ar ccoir agus ar bpeacadh, agus glac sinn mar hoighreachd féin.
Agus a dubhairt seision, Feúch, do nún cunnradh: as coinne do phobail uíle do dhéana mé ionganta, a leitheid nach déarnadh san domhan uile nó a néanchrích: agus do chífid an pobal uile a measc a bhfuil tú do chifid obair an TIGHEARNA: oír is ní uathbhásach do dhéana mé riot.
Coímhedsa an ní áitheonus mé dhiot annsa ló niugh: féuch, tiomaínfe mé a mach romhad an Tamoríteach, agus an Cananíteach, an Hitíteach, agus an Perisíteach, agus an Hibhiteach, agus an Iebusíteach.
Deagla go ndéantá cunnradh ré dúthchasuibh na tíre, agus go rachadaóis do striapachus a ndiáigh a ndée sin, agus iodhbuirt do dhéanamh da ndeeíbh, agus go ngairfeadh duine thusa, agus go níosfa dá iodhbuirt;
Agus go nglacfá a ninghiona dot mhacaibh, agus go rachadáois a níngheana do striapachus a ndiáigh na ndée sin, agus go ttiubhraidís ar do mhacaibhsi dul do striapachus a ndiáigh a ndeé.
Cuimhdeocha tú féasta a naráin gan laibhín. Séachd lá iósas tú arán gan laibhín, mar do aithin misi dhíot, a naimsir na míosa Abib: Oir is ann sa mhí Abib tháinic tú a mach as an Egipt.
Achd céadghin assail fuáisceola tú le húan: agus muna bhfuascla tú é, annsin brisfe tú a mhuinéul. Fuaisceóla tú céidbhreith do mhac uile. Agus ní thiucfa éanduine dom lathairsi folamh.
Oír teilgfe misi na cinidheacha a mhach romhad, agus leígfe mé fairsinge chum do thórannadh: ní mó iarrfas éanduine do dhúthaigh, an tan rachus tú súas dot thaisbeanadh feín a lathair an TIGHEARNA do Dhía trí huaire san mblíadhuin.
Agus do bhí sé ann sin a bhfochair an TIGHEARNA cheathrachad lá agus ceathrachad oidhche; nior ith sé arán, agus niór ibh sé uisce. Agus do sgriobh ar na cláruibh focail an chunnartha, na deich naitheanta.
Agus tárla, a núair tháinic Maóise a núas ó shlíabh Sinai maille re dhá chlár na fiádhnuisi a láimh Mhaóise, a núair tháinic sé anúas on tslíabh, nach raibh a fhios ag Maóise gur dheallruigh croiceann aighthe an feadh do bhí ag comhrádh rision.
Achd a núair do chuaidh Maóisi a steach as coinne an TIGHEARNA do labhairt ris, do chuir an folach dhe, nó go ttaínic a mach. Agus táinic a mach, agus do labhair re cloinn Israel ann í do haithnígheadh dhe.
Agus do choncadar clann Israel aghuidh Mhaóisi, gur dheallraidh croiceann ághaidhe Mhaóise: agus do chuir Maóisi an folach ar aghaidh a rís, no go ndéachuidh a steach do chaint ris.