«Balzalael agus Ohoilíáb agus gach ceardaí oilte ar ar bhronn an Tiarna an éirim agus an cumas gach a éilíodh chun an sanctóir a thógáil, déanaidís a gcuid oibre go beacht mar a d' ordaigh an Tiarna.»
Ghlaoigh Maois ar Bhazalael agus ar Ohoilíáb agus ar gach duine éirimiúil dár chuir an Tiarna éirim ina aigne, agus ar gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, teacht agus an obair a dhéanamh;
agus ghlacadar ó Mhaois gach ofráil lantola dá dtug clann Iosrael le haghaidh obair an tsanctóra a dhéanamh; uime sin de bhrí gur leanadar sin orthu gach maidin ag tabhairt a n-ofrálacha lántola,
Thug Maois treoir dá bhrí sin agus tugadh an t-ordú seo leanas ar fud an champa: «Ná déanadh aon duine, fear ná bean, aon ní eile ar mhaithe leis an mbailiúchán don sanctóir.» Toirmeascadh ar an bpobal dá bhrí sin aon ní eile a thabhairt;
Shaothraigh na fir éirimiúla go léir i measc na n-oibrithe ar an taibearnacal. Rinne sé é de dheich mbrat de línéadach cas mín, d' ábhar gorm agus corcra agus craorag, le ceiribíní fuaite le barr slachta orthu.
Chuir sé leathchéad lúb ar imeall an bhrait ba shia amach ar an gcéad sraith díobh, agus leathchéad lúb ar imeall an bhrait ba shia amach ar an tsraith eile.
rinne sé daichead moirtís airgid le cur faoi na fiche frámaí: faoin gcéad fhráma dhá mhoirtís dá dhá thionúr; agus faoi gach fráma eile dhá mhoirtís faoina dhá dtionúr.
Bhí [na frámaí] seo ceangailte dá chéile ag an mbonn thíos agus mar sin suas go buaic go dtí an chéad fháinne; mar sin a rinne sé leis an dá fhráma a bhí mar dhá chúinne.
Chun an fial seo a chrochadh, rinne sé ceithre pollaí d' adhmad sitím agus chumhdaigh iad le hór; bhí a naisc d' ór, agus theilg sé ceithre mhoirtís airgid dóibh.
Rinne sé chomh maith scáthlán do dhoras an taibearnacail, d' ábhar gorm, corcra agus craorag, agus de línéadach cas mín agus greasadh snáthaide mar mhaise air.