Leath na ceiribíní a sciatháin amach in airde i dtreo go raibh cathaoir na trocaire faoina scáth; thug na ceiribíní aghaidh ar a chéile agus a n-aighthe i dtreo chathaoir na trócaire.
Rinne sé an coinnleoir chomh maith d' ór fíre; bhí an coinnleoir idir bhonn agus chrann d' obair bhuailte, agus a chupáin idir chailís agus bheangáin d' aon phíosa leis.
Bhí trí cupáin ar an gcead ghéag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; bhí trí cupáin chomh maith ar an dara géag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; mar an gcéanna leis na sé géaga amach as an gcoinnleoir.
mar seo cailís faoin gcéad dá ghéag as an gcoinnleoir amach, ceann faoin gcéad chúpla eile agus ceann faoin gcúpla deiridh, ag teacht leis na sé géaga as an gcoinnleoir amach.
Rinne sé altóir na túise d' adhmad sitím. Bhí sí banlámh ar fad, banlámh ar leithead; comhfad comhleithead is é sin, agus dhá bhanláimh ar airde; bhí a beanna d' aon phíosa léi.