Bíobla Naomhtha 1817
|
| 1 |
| Agus do rinne Besaleel a náirc do chrann Sitim: dhá chubhad go leith do bhí iona fad, agus cubhad go leith iona leithead, agus cubhad go leith iona háirde. |
| 2 |
| Agus do fholuigh í le hór fíorghlan amuith agus a stigh, agus do rinne dhi coróin óir timchioll fá gcuáirt. |
| 3 |
| Agus do theilg dhi ceithre fháinne óir, dá ceithre coirnealuibh; eadhón dhá fháinne ar áon táobh dhí, agus dhá fháinne ar áon ttáobh dhí, agus dhá fháinne ar an ttáobh eile. |
| 4 |
| Agus do rinne sé maididhe do chrann Sitim, agus do fholuigh sé le hór íad: |
| 5 |
| Agus do chuir na maididhe ann sna fáinnidhibh ré táobh na háirce, diomchur na háirce. |
| 6 |
| Agus do rinne an suidhe trócaire dór fhíorghlan; dhá chubhad go leith do bhí iona fhad, agus cubhad go leith iona leithead. |
| 7 |
| Agus do rinne dhá cherubin dór, ar na mbúaladh amach as énphíosa do rinne sé íad, ar dhá chéann an tsuidhe thrócaire; |
| 8 |
| Aon chérub ar an gcionn don táobhsa, agus cherub eile ar an gceann don táoibh úd: amach as an tsuidhe thrócaire do rinne sé na cherubínigh ar a dhá cheann. |
| 9 |
| Agus do leathnuigheadar na cherubínigh amach a scíatháin go hárd, agus do fholchadar lé na sciathánuibh ós cionn an tsuidhe thrócaire, guna naighthibh gach áon ar a chéile; leath ris an tsuighe thrócaire do bhádar aighthe na cherubínigh. |
| 10 |
| Agus do rinne sé an bórd do chrann Sitim: dhá chubhad dób é a fhad, agus cubhad a leithead, agus cubhad go leith a áirde: |
| 11 |
| Agus do fholuigh sé é lé hór fíorghlan, agus do rinne dhó coróin dór timchioll fá gcuáirt. |
| 12 |
| Mar an gcéadna do rinne sé dhó imiol do leithead baise timchioll fá gcuairt; agus do rinne coróin óir dá imiol sin timchioll fá ccuáirt. |
| 13 |
| Agus do theilg sé dhó ceithre fháinne óir, agus do chuir na fáinnidhe ar na ceithre coirnéuluibh ann a cheithre chosuibh. |
| 14 |
| Thall ar aghaidh a nimil do bhádur na fáinnidhe, áite na maideadha chum an bhuird diomchur. |
| 15 |
| Agus do rinne sé na maididhe do chrann Sitim, agus do fholuigh sé dór íad, diomchur an bhuird. |
| 16 |
| Agus do rinne sé na soithighe do bhí ar an mbórd, a mhíasa, a líacha, agus a chupáin, agus a bhrat chum a fholach, dór fhíorghlan. |
| 17 |
| Agus do rinne sé an coinnleóir dór fhíorghlan: dobair bhuáilte do rinne sé ann coinnleóir; a chos, agus a bheangáin, a scáluidhe agus a chnaip, agus a bhlátha, do bhádur don ccéudna. |
| 18 |
| Agus sé bheangán ag dul amach as a tháobhuibh; trí bheangan don choinnleóir as táobh dhé, agus trí bheangán don choinnleoir as an ttáobh eile. |
| 19 |
| Trí scála ar na ndéanamh do reir chumtha almóinne a nénbheangán, cnap agus bláth; agus trí scála déanta amhail almóinne a mbeangán eile, cnap agus bláth; mar sin ar fad amach na sé mbeangan ag dul amach as an gcoinnleóir. |
| 20 |
| Agus do bhádur ceithre scala annsa choinnleóir deanta amhail almoinne, a chnaip, agus a bhlátha: |
| 21 |
| Agus cnap fáoi dhá bheangán don ccéadna, agus cnap faoi dhá bheanghán don ccéadna, agus cnap faói dha bheangán don cceadna, do réir na sé mbeangán ag dul amach as. |
| 22 |
| Do bhádur a ccnaip agus a mbeangáin don ccéadna; do bhi sé uile a néan obair bhuáilte dor fhíorghlan. |
| 23 |
| Agus do rinne sé seachd lampa, agus a smólghlantóire, agus a mhiása smóil, dór fhíorghlan. |
| 24 |
| Do thallann dór fhiorghlan do rinne sé é, agus a shoighthighe uile. |
| 25 |
| Agus do rinne sé altóir na túise do chrann Sitim: bá cubhad a fad, agus cubhad a leithead; do bhí sí ceathairbheannach, agus dhá chubhad na hairde, do bhádar a beanna don ccéadna. |
| 26 |
| Agus do fholuigh sé í le hór fíorghlann, aráon a huachdar, agus a taóibh fa gcúairt, agus a beanna: mar an gceadna do rinne sé dhi coróin óir timchioll fá gcuairt. |
| 27 |
| Agus do rinne dhá fháinne óir dhi fáoi na coróin, láimh ré na dhá choirnéul, ar a dhá tháobh, do bheith na náitibh ag na maididhibh lé na níomchórthuigh í. |
| 28 |
| Agus do rinne na maididhe do chrann Sitim, agus do fholuigh sé le hór íad. |
| 29 |
| Agus do rinne a nola ungtha naomhtha, agus an túis ghlan do spiósra deaghbholuidh, do réir oibre an photecarígh. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1817/exodus/037.mp3
40
37