Rinne siad éidí slachtmhara do sheirbhís an tsanctóra den ábhar gorm agus corcra agus craorag [agus den línéadach cas mín]. Rinneadar na héidí naofa do Árón mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
Bhuaileadar an t-ór ina lanna caola agus gearradh ina snáthanna é le hinleadh san ábhar gorm agus corcra agus craorag agus sa linéadach mín cas i ndearadh slachtmhar.
An crios fite a bhí air á choimeád bhí sé den ábhar céanna agus den déantús céanna, d' ór, d' ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín, mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
Rinne sé an lúireach d' obair shlachtmhar; rinne sé í ar dhéantús an éafód, d' ór agus d' ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas.
Bhí ainmneacha chlann Iosrael orthu, agus a dó dhéag a líon de réir líon na n-ainmneacha. Bhíodar greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag.
Agus rinneadar dhá fháinne óir eile agus ghreamaíodar iad d' íochtar dhá ghuailleán an éafód in aice leis an gceangal, lastuas de chrios fite an éafód.
Cheanglaíodar an lúireach don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo gur luigh sí ar chrios fite an éafód agus nár scar an lúireach ón éafód, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
agus an crios de línéadach mín cas agus de ábhar gorm agus corcra agus craorag, maisithe le hobair shnáthaide, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
Críochnaíodh ar an gcuma sin obair uile an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála; bhí gach ní déanta ag clann Iosrael; díreach mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois is ea a rinneadar.
na brait don fhaiche, a pollaí agus a ceapa, an scáthlán do gheata na faiche, a shlabhraí agus a phionnaí; agus na gréithe go léir don tseirbhís sa taibearnacal, do Bhoth na Teagmhála;