Agus do fhreagair Maóisi agus a dubhairt, Ach féuch, ní chreidfid síad mé, agus ní éisdfid rem ghuth; óir a déaruid síad, níor thaisbéin an TIGHEARNA é féin duit.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maoisi, Cuir o lámh amach agus glac í ar earball. Agus do chúir amach a lámh, agus do ghlac í, agus do rinneadh slat di iona láimh:
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris ós a chionn sin, Cuir a nois dó lámh ad bhrollach. Agus do chuir sé a lámh iona bhrollach: agus a nuair tug sé amach í, féuch, do bhí a lámh lubhrach mar shneachda.
Agus a dubhairt sé, Cuír do lámh ad bhrollach a rís. Agus do chuir a lámh na bhrollach a rís. Agus tug amach as a bhrollach í, agus, féuch, do hiompoigheadh í a rís mar an gcuid eile dhá fhéoil.
Agus tiucfa a gcrích, muna ccreidid síad thú, agus nach tiubhruid éisdeachd do ghuth an chéadchomhartha, go gcreidfid síad guth an chomhartha dheighionuigh.
Agus tiucfá a gcrich, muna ccreidid siad céachtar don dá chomharthasa, agus nach éisdfid red ghuthsa, go nglacfa tú duisge na habhann, agus go ndóirtfe tú é ar an ttalamh tirim: agus an túisge bhéuras tú as a nabhuinn go mbía na fhuil ar an dtalamh tirim.
Agus a dubhairt Maoisi ris an TTIGHEARNA O mo THIGHEARNA ní bhfuilimsi deaghlabhartha, ná roimhe só, ná ó labhair tusa réd sherbhiseach: Achd atáim mall a ccomhrádh, agus mall a dteanguidh.
Agus do las fearg an TIGHEARNA re Máoisi, agus a dubhairt, Nach é Aáron an Lébhíteach do dhearbhrathair? atá a fhios agam go labhrann sé go maith. Agus mar an gcéadna, féuch, atá sé ag teachd amach do theagmháil riot: agus a nuair do chífe sé thú, biáidh lúthgháireach iona chróidhe.
Agus laibhéora tusa ris, agus cuirfe tú bríathra íona bhéul: agus biaidh misi maille red bhéulsa, agus le na bhéulsan, agus múinfe mé dháoibh cread do dhéantáoi:
Agus biáidh sesion na fhior edirmhínighe agad ris an bpobal: agus biáidh sesion, éadhon biáidh sesion féin a náit béil duitsi, agus biáidh tusa a náit Dé dhósan.
Agus do imthigh Máoisi, agus do fhill ar létro a chlíamhuin, agus a dubhairt ris, Guidhim thú léig dhamsa ímtheachd, agus filleadh ar mo dhearbhráithribh atá sa Négipt, dá fhéachuin an bhfuilid béo fós. Agus a dubhairt Iétro ré Máoisi, Eirigh a siothcháin.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóisi, A nuair iméochus tú chum filleadh don Egipt, féuch go ndéana tú na míorbhuilesi uile as coinne Phárao, noch do chuir misi ad láimh: ach cruádhéocha misi a chroidhe, ionnus nach léigfidh don phobal imtheachd.
Agus a deirim riotsa, léig mo mhac ar siubhal, ionnus go ndéana sé serbhís damhsa: agus má dhiúltann tú léigean dó imtheachd, féuch, muirfidh misi do mhacsa, do chéidghin fós.
Ann sin do ghlac Sipporah cloch ghéur, agus do ghearr réumhchroiceann a mic, agus do theilg fa ná chosuibh é, agus a dubhairt: Go deimhin is fear fuilteach dhamhsa thú.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Aáron: Imthigh fán bhfasach do theagmháil re Maóise. Agus do imthigh sé, agus tárla leis é a slíabh Dé, agus do phóg é.
Agus do chreideadur an pobal: agus a nuáir do chualadar go ttáinic an TIGHEARNA dfiosrughadh chloinne Israel, agus gur fhéuch sé ar chloinn Israel, agus go bhfacaidh sé a mbuaireadh, ann sin do chromadar a ccinn agus do rinneadur umhla.