Agus do bheura tú a steach an bórd, agus suidheocha tú a nordúghadh na neithe atá ré shuidhiughadh a nórd air; agus do bhéura tú an coinnleóir a steach, agus las fa tú a lampuidhe.
Agus glacfa tú an ola ungtha, agus ungfa tú an tabernacuil, agus a bhfuil astigh ann, agus naomhtha tú é, agus a shoithighe uile: agus bíaidh sé naomhtha.
Agus ungfa tú íad, mar do ung tú a nathair, chor go bhféadfaid miniostralachd do dhéanamh dhamsa a noifig an tsagairt: óir biaidh a nungadh go demhin na shagartachd shíorruidhe ar feadh a ngeinealách.
Agus do thóg Maóise an tabernacuil súas, agus do dhaingnidh a shoiceid, agus do chuir súas a bhuird, agus do chuir a bharruidhe a steach, agus do thos súas a philéir,
Agus thug se an áirc chum an tabernacuíl, agus do chuir súas cumhdach an fholuigh, agus do fholuígh áirc na fiadhnuisi, mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
Agus do chuir altoir na hofrála loiscthe ag dorus thabernacuil lóistín an chomhchruinnigh, agus do ofráil se uirre, ofráil loiscthe agus offráil bídh; mar do aithin an TIGHEARNA do Mháoise.
Agus do thóg sé súas an chúirt timchioll fá gcuáirt an tabernacuil agus na haltóra, agus do chuir súas brat gheata na cúirte. Mar sin do chriochnuigh Maóise a nobaír.
Agus nior bhféidir do Mhaóise dul a stéach a lóistín an chomchruinnigh, do chionn gur chomhnuigh an néull air, agus gur líon glóir an TIGHEARNA an tabernacuil.