Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: «Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: 'Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.'»
Ach dúirt Forann: «Cé hé an Tiarna seo go n-éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.»
«Tháinig Dia na nEabhrach an treo chugainn,» ar siad; «tabhair cead dúinn aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia le heagla go dtiocfadh sé sa mhullach orainn le plá nó le faobhar claímh.»
Ach an líon brící a dhéanaidís go dtí seo, bíodh sin de thasc agaibh orthu, gan aon laghdú ar bith air. Díomhaointeas atá orthu; uime sin a ghlaonn siad: 'Téanaigí agus déanaimis íobairt chun ár nDé.'
Agus na maoir a cheap na saoistí saothair os cionn chlann Iosrael, sciúrsáladh iad agus fiafraíodh díobh: «Cén fáth nach bhfuil líon bhur dtasc de bhrící déanta agaibh inné ná inniu mar a bhíodh cheana?»
«Níl aon tuí á soláthar do do shearbhóntaí, ach liútar éitear orainn: 'Déanaigí brící!' Agus seo anois do shearbhóntaí á sciúrsáil, ach [is ar] do mhuintir féin an locht.»
Is maith a bhí a fhios ag maoir chlann Iosrael gurbh olc an áit ina rabhadar agus é á rá leo: «Ní dhéanfaidh sibh laghdú ar bith ar líon bhur mbrící in aghaidh an lae.»
agus dúradar leo: «Go bhféacha an Tiarna anuas oraibh agus go dtuga sé breith oraibh mar chuir sibh olc ar Fhorann agus ar a shearbhóntaí chugainn, agus tá claíomh curtha ina láimh agaibh chun sinn a mharú.»
Agus d' fhill Maois arís ar an Tiarna: «Cad chuige duit, a Thiarna,» ar sé, «caitheamh chomh dian sin le do phobal? Cad chuige duit mé a sheoladh uait riamh?
Óir ó tháinig mé go Forann agus gur labhair mé leis i d' ainmse, is olc an íde atá á himirt aige ar an bpobal seo, gan tusa á bhfuascailt ar aon chor.»