Agus na dhiáigh sin do chuáidh Maóisi agus Aáron a steach, agus do inniseadur do Phárao, Marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, léig dom phobal imtheachd, go ndearnaid féusda dhamhsa san bhfásach.
Agus a dubhairt Phárao, Cía hé an TIGHEARNA da numhlochuinnsi dhá ghlór, as a léigfinn Israel dimtheachd? ni haithnid damhsa an TIGHEARNA sin agus ní mó léigfeas mé Israel dimtheachd.
Agus a dubhradursan, Tarla Día na Neabhruidheach rinn: léig dhúinn imtheachd, iarmáoid ort, uidhe thrí lá annsa bhfásach, agus iodhbuirt do dhéanamh don TIGHEARNA ar Ndía; deagla go luidhfiodh sé oruinn le pláigh nó lé cloidheamh.
Agus a nuibhir bhríceadh, do rinneadur go nuige so, cuirfídhe sin orra; ní láighdeochthaói a bheag dhe: óir atáid díomháoin; agus is uime sin gháirid síad, ag rádh, Léig dhúinn imtheachd do dhéanamh iodhbartha dár Ndía.
Agus do chúadur maighistríghe dáoirsi an phobail amach, agus a noifigidh, agus do labhradur ris an bpobal, ag rádh, Is mar so a deir Phárao, ni thiubhra misi tuighe dhaóibh.
Agus do bhrosduigheadar na maighistríghe tasca íad, ag rádh, Iomlánuigh bhur nobair, bhur ttasca láetheamhuil, comhmaith agus a nuáir do bhí tuighe aguibh.
Agus do buáileadh oifigidh chloinne Israel, noch do chuireadur maighistrighe tasca Phárao ós a gcionn, agus do fhiafruigheadh dhíobh, Cread fá nár comhlíonabhair bhur ttasca a ndéanamh bríce a né agus a niugh, mar do rinneabhair roimhe sin?
Ní tucthur tuighe dot sherbhíseachuibh, agus a deirid síad rinn, Déanuidh bríce: agus, féuch, gabhthar ar do sherbhíseachaibh; achd as ar do dháoinibh féin atá an lochd.
Agus do choncadúr oifigidh chloinné Israel, gur bholc an náit ann a rabhadur, tar éis a rádh, Ní laighdeochuidh a bheag dá bhur mbrícidh ann bhur ttasca laétheamhuil.
Agus a dubhradur ríu, Go bhfeuchuidh an TIGHEARNA oruibh, agus beireadh breath; do chionn go ndearnabhair ar mboladh domblasda a lathair Phárao agus a radharc a sherbhíseach, do chur cloidhimh ann a láimh dar marbhadh.