Ansin labhair an Tiarna le Maois: «Imigh isteach go Forann agus abair leis mar seo: 'Mar seo a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.
Beidh an Níl ar snámh le froganna; tiocfaidh siad suas isteach i do theach agus i do sheomra leapa agus i dtithe do shearbhóntaí agus do mhuintire, isteach i do oighinn agus i do losaidí.
Dúirt an Tiarna le Maois: «Abair le hÁrón: 'Sín amach do lámh agus an tslat inti os cionn na n-aibhneacha, os cionn na gcanálacha agus os cionn na linnte agus tabhair froganna thar chríocha na hÉigipte.'»
Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: «Iarraigí ar an Tiarna na froganna a thógáil díomsa agus de mo mhuintir agus ligfidh mise don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.»
Dúirt Maois le Forann: «Bíodh an chaoi seo agat chun breith amuigh orm! Nuair a ghuífidh mé ar do shonsa agus ar son do shearbhóntaí agus ar son do phobail cén uair atá le socrú agam chun na froganna a imeacht uaitse agus ó do phobal agus ó do thithe agus iad a fhagáil sa Níl amháin?»
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Abair le hÁrón: 'Sín amach do shlat os cionn luaithreach na talún i dtreo go ndéanfar corrmhíola de ar fud chríocha na hÉigipte go léir.'»
Rinneadar amhlaidh: shín Árón amach a lámh leis an tslait agus bhuail luaithreach na talún agus luigh corrmhíola ar an duine agus ar an mbeithíoch; rinneadh corrmhíola de luaithreach uile na talún ar fud chríocha na hÉigipte go léir.
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Éirigh go moch ar maidin agus fan le Forann agus é ag dul amach chun an uisce. Abair leis: 'Seo mar a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.
Ach mura ligeann tú do mo mhuintir imeacht, cuirfidh mé saithe míoltóg ort féin agus ar do shearbhóntaí agus ar do mhuintir agus isteach i do thithe; agus líonfar tithe na nÉigipteach le saithí míoltóg, agus mar an gcéanna leis an talamh féin ar a bhfuil siad ina seasamh.
Ach an lá sin, ní thabharfaidh mé an cor céanna ar thír Ghoisin, mar a bhfuil cónaí ar mo phobal; ní bheidh aon mhíoltóga ann, i dtreo go mbeidh fhios agat go bhfuilimse, an Tiarna, i lár na talún.
Rinne an Tiarna amhlaidh: tháinig saithí móra míoltóg isteach i dteach Fhorainn agus i dtithe a shearbhóntaí agus, i gcríocha na hÉigipte go léir, scriosadh an talamh leis na míoltóga.
Ach dúirt Maois: «Níor chóir sin a dhéanamh, mar is ainmhithe is diamhasladh leis na hÉigiptigh a mharú a dhéanfaimidne a íobairt don Tiarna ár nDia. Má íobraímid os comhair súile na hÉigipteach ofrálacha is gráin leo, nach ngabhfaidh siad de chlocha orainn?
«Ligfidh mé daoibh,» arsa Forann, «dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna bhur nDia san fhásach, ach gan sibh a dhul i bhfad ó bhaile. Guígí ar mo shon!»
Ansin dúirt Maois: «Seo mé ar mo shlí amach uait, agus guífidh mé chun an Tiarna go n-imeoidh na saithí míoltóg ó Fhorann agus óna shearbhóntaí agus óna phobal amárach; ach ná himríodh Forann cealg arís agus gan ligean don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.»