Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Imigh isteach go Forann agus abair leis: 'Mar seo a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.
Déanfar smúit mhin de os cionn talamh na hÉigipte go léir agus déanfar neascóidí de ag briseadh amach ar dhaoine agus ar ainmhithe ar fud chríocha na hÉigipte go léir.»
Thógadar súiche ón bhfoirnéis agus sheas os comhair Fhorainn. Chaith Maois in airde san aer é agus rinneadh neascóidí de ag sceith ina bpocháin ar dhuine agus ar ainmhí.
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Éirigh go moch ar maidin agus téigh i láthair Fhorainn agus abair leis: 'Seo duit teachtaireacht an Tiarna, Dia na nEabhrach: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt a ofráil dom;
mar an uair seo seolfaidh mé mo phlánna go léir sa mhullach ort féin, agus ar do shearbhóntaí, agus ar do mhuintir, i dtreo go mbeidh a fhios agat nach bhfuil mo leithéid eile ar domhan ar fad.
Féach! um an dtaca seo amárach seolfaidh mé clochshneachta anuas ar an talamh chomh tiubh sin nach raibh a leithéid riamh san Éigipt ón lá a bunaíodh í go dtí inniú féin.
Cuir do theachtairí uait láithreach agus cruinnigh isteach slán faoi dhíon d' eallach agus a bhfuil ar na bánta agat; óir gach duine agus gach ainmhí a bheidh lasmuigh gan é a thabhairt isteach abhaile, titfidh an clochshneachta orthu agus caillfear iad.'»
Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Sín do lámh i dtreo neimhe i dtreo go dtitfidh clochshneachta ar fud chríocha na hÉigipte, ar na daoine, ar na beithígh agus ar a bhfuil de ghlasraí ag fás san ithir ar fud thír na hÉigipte.»
Ansin shín Maois a shlat i dtreo neimhe agus scaoil an Tiarna toirneach agus clochshneachta. Bhuail tintreach an talamh agus d' fhear an Tiarna clochshneachta ar thalamh na hÉigipte.
Thit an clochshneachta agus bhí tintreach tríd gan staonadh i dtreo nach raibh a leithéid de chlochshneachta trom i gcríocha na hÉigipte ó rinneadh naisiún di an chéad lá.
Threascair an clochshneachta a raibh amuigh idir dhuine agus bheithíoch, ar fud chríocha na hÉigipte; threascair sé na barraí go léir sna goirt agus d' fhág na crainn go léir ar lár sna páirceanna.
Ansin chuir Forann fios ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt leo: «Admhaím mo pheaca an turas seo! Tá an Tiarna sa chóir agus mise agus mo mhuintir san éagóir.
D' fhreagair Maois é: «A luaithe a fhágfaidh mé an chathair, sínfidh mé mo lámha i dtreo an Tiarna; stadfaidh an toirneach agus beidh deireadh leis an gclochsneachta, i dtreo go mbeidh a fhios agat gur leis an Tiarna an domhan.
Amach le Maois dá bhrí sin ó Fhorann agus ón gcathair agus shín sé a lámha i dtreo an Tiarna; chuaigh stad ar an toirneach agus ar an gclochshneachta; níor thit báisteach a thuilleadh ar an talamh.
Ach nuair a chonaic Forann go raibh an bháisteach agus an clochshneachta agus an toirneach thart, pheacaigh sé arís, chruaigh sé a chroí, é féin agus a shearbhóntaí.