|
| 1 |
|
| Is on TTIGHEARNA, thig ullmhughadh an chroidhe annsa duine, agus freagra na teangtha. |
|
| 2 |
|
| Bíd uile shlighthe an duine glan iona shúilibh féin; acht comhthromuigh an TIGHEARNA na spioraid. |
|
| 3 |
|
| Cuir hobair a leith an TIGHEARNA, agus daíngneochthar do smuáintighthe. |
|
| 4 |
|
| Dhó féin do rinne an TIGHEARNA gach uile ní: an ciontach fós, a gcionne laé a nuilc. |
|
| 5 |
|
| Is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA gach uile dhuine bhíos uáibhreach a ccroidhe: bíodh go níudhfadh lámh a láimh, ní bhíaidh se gan dioghaltas. |
|
| 6 |
|
| Le trócaire agus lé fírinne leasuighthear a néagcóir: agus lé heagla an TIGHEARNA seachnuid daóine an tolc. |
|
| 7 |
|
| A nuáir thaitnid slighthe an duine leis an TTIGHEARNA, do bheir sé air a námhaid féin bheith síodhach ris. |
|
| 8 |
|
| Is féarr beagán lé hionnracas ná cíosanna móra gan cheart. |
|
| 9 |
|
| Ise croidhe an duine thríallus a shlighe: acht ísé an TIGHEARNA dhírighios a chéime. |
|
| 10 |
|
| Bí fáistine dhíadha a mbéul an rígh: ní chiontuighionn a bhéul a mbreitheamhnus. |
|
| 11 |
|
| Is leis an TTIGHEARNA scáladha agus chomhthruim chearta: is íad a obair comhthruim an mhála uile. |
|
| 12 |
|
| Is adhfhúathmhaireacht do ríghthibh olc do dhéanamh: óir daingnighthear an chathaóir ríogha lé ionnracus. |
|
| 13 |
|
| Is íad puisíne fíreanta dúil nan rígh; agus is ionmhuin léo an té labhras an ceart. |
|
| 14 |
|
| Atá fearg an rígh amhail teachtaireadh an bháis: acht ceinnseochuidh duine glic í. |
|
| 15 |
|
| Bí beatha a solus ghnúise an rígh; agus a fhabhar amhuil néul fearthanna deighionuidh. |
|
| 16 |
|
| Ga mhéad is féarr eagna dfagháil ná ór? agus tuigsi dfagháil is córa í do thogha ná airgiod? |
|
| 17 |
|
| Ise slighe mhór a nfírein dealughadh ris a nolc: an té choimhéadas a shlighe cumhduighe sé a anam. |
|
| 18 |
|
| Thig an túabhar roimhe a naidhmhilleadh, agus áirdspiorad roimhe an leagadh. |
|
| 19 |
|
| Is féarr bheith do spioraid úmhail leis na hislibh, ná an chreach do roinn leis a nuáibhreach. |
|
| 20 |
|
| An té ghlacus cúis go críonna do gheábha sé maith: agus gidh be chuirios a dhóigh ann sa TIGHEARNA, is soná é. |
|
| 21 |
|
| Goirfighear duine críonna don ghlic a gcroidhe: agus méuduighidh millsi an beil ealadha. |
|
| 22 |
|
| Is tobar fíoruisge chum beatha an tuigsi don tí agá mbí sí: achd is amadánacht teagasg na namadán. |
|
| 23 |
|
| Múinidh croidhe an ghlic a bhéul, agus do bheir bárr ealadhan dá phuisinigh. |
|
| 24 |
|
| Is cíor mheala bríathra millsi, milis do nanam, agus sláinte do na cnámhuibh. |
|
| 25 |
|
| Bí slighe ann do chithear ceart do dhuine, acht isé a chríoch sin slightheacha an bháis. |
|
| 26 |
|
| An té sháothruighios is dó féin sháothruighios sé; óir íarruidh a bhéul air é. |
|
| 27 |
|
| Tochluidh an duine neimhdhíadha olc: agus bi iona bhéul amhuil teine lasardha. |
|
| 28 |
|
| Síolchuiridh an duine ceannairgeach imreasuin: agus dealuighidh an cogarnach na cáirde disle ó chéile. |
|
| 29 |
|
| Brostuighidh duine sáruighthe a chomharsa, agus tréoruighe sé é chum na sligheadh nach maith. |
|
| 30 |
|
| Druididh sé a shuile do thriall neithe ccrosta, ag corrughadh a phuisíne do bheir sé olc chum críche. |
|
| 31 |
|
| Is coróin ghlóire an ceann líath, ar na fhághail a slighe a nionracuis. |
|
| 32 |
|
| Is féarr an té bhíos mall chum feirge ná an cumhachtach; agus an té ríaghlas a spiorad ná an té ghabhus cathair. |
|
| 33 |
|
| Do teilgeadh an crannchar annsa nucht; acht is ag an TTIGHEARNA atá a chur a gcrích uile. |
|
|
|
|