|
| 1 |
|
| Is fearr crústa tur agus síocháin, ná teach fleá agus ceannairc. |
|
| 2 |
|
| Sé an daor cliste an máistir nuair is drabhlásach é an mac; beidh sé i bpáirt leis na deartháireacha chun na hoidhreachta. |
|
| 3 |
|
| Don airgead an breogán, don ór an sorn; ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann. |
|
| 4 |
|
| Éisteann an t-urchóideach le béal mailíseach, agus tugann an bréagaire aird ar theanga an bhéadáin. |
|
| 5 |
|
| Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht; an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós. |
|
| 6 |
|
| Sliocht a sleachta coróin na sean; a n-athair glóir na clainne. |
|
| 7 |
|
| Ní oireann béal soilbhir don bhaoth, ach is lú ná sin a oireann éitheach don phrionsa. |
|
| 8 |
|
| Buachloch breab dar le fear a bronnta; ritheann leis cibé slí a chasann sé. |
|
| 9 |
|
| An té a mhaitheann coir, spreagann sé grá; ach an té thagraíonn arís di, cuireann sé cairde in earraid. |
|
| 10 |
|
| Fágann ceartú rian níos déine ar an bhfear tuisceanach, ná mar a fhágann céad buille ar an amadán. |
|
| 11 |
|
| Níl a thaibhreamh don urchóideach ach ceannairc, cuirfear teachtaire dásachtach fána chomhair dá réir sin. |
|
| 12 |
|
| B' fhearr teacht ar bheithir a chaill a cuid coileán ná ar amadán i mbun a bhaoise. |
|
| 13 |
|
| An té a thugann olc mar chúiteamh ar mhaith, ní dhíbreoidh sé an t-olc óna theach. |
|
| 14 |
|
| Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile; buail cos air dá bhrí sin sula n-adhntar an t-achrann. |
|
| 15 |
|
| An ciontach a shaoradh nó an neamhchiontach a dhaoradh, is gráin leis an Tiarna iad araon. |
|
| 16 |
|
| Cén tairbhe airgead i láimh an amadáin le gaois a cheannach, agus é gan chiall? |
|
| 17 |
|
| Is cara cara i gcónaí, ach is d' uain na hainnise a shaolaítear deartháir. |
|
| 18 |
|
| An fear gan chiall tugann sé gill agus téann i mbannaí lena chomharsa. |
|
| 19 |
|
| An té ar maith leis aighneas, is maith leis [buillí]; fear na mbriathra uaille, bíonn sé ag suirí le drochíde. |
|
| 20 |
|
| Ní bhíonn sonas i ndán d' fhear an chroí chlaoin; titeann an tubaiste sa mhullach ar fhear na teanga fealltaí. |
|
| 21 |
|
| Cúis bhróin dá athair an baothán mic; níl lúcháir i ndán d' athair amadáin. |
|
| 22 |
|
| Oideas fónta an croí meidhreach; seirgeann na cnámha le heaspa misnigh. |
|
| 23 |
|
| Glacann an t-urchóidí breab faoi scáth brait, leis an gcóir a chur dá treoir. |
|
| 24 |
|
| Cuireann an fear tuisceanach an eagna roimhe, ach sroicheann raon súl an amadáin go himill na cruinne. |
|
| 25 |
|
| Ábhar dóláis dá athair mac baoth, agus cúis bhróin é dá mháthair a thug ar an saol é. |
|
| 26 |
|
| Níl sé cóir pionós a chur ar an bhfíréan, ach is measa fós an t-uasal a bhualadh. |
|
| 27 |
|
| Tá eolas ag an té ar féidir leis smacht a chur ar a theanga; coimeádann an fear tuisceanach smacht air féin. |
|
| 28 |
|
| Bíonn cáil na heagna fiú ar an amadán má choimeádann sé a bhéal dúnta; nuair nach mbíonn focal as, meastar go bhfuil sé cliste. |
|
|
|
|