|
| 1 |
|
| A mhic, má ghlacann tú le mo bhriathra, má thaisceann tú m' aitheanta i do chroí, |
|
| 2 |
|
| Sa chaoi go dtugann tú cluas don eagna, agus go gclaonann tú do chroí chun na tuisceana, |
|
| 3 |
|
| Sea, má ghlaonn tú chugat an grinneolas, má scairteann tú ar an tuiscint, |
|
| 4 |
|
| Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead, má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe, |
|
| 5 |
|
| Tuigfidh tú ansin cad is eagla an Tiarna ann, agus cuirfidh tú aithne ar Dhia. |
|
| 6 |
|
| Óir is é an Tiarna féin a thugann an eagna, agus is as a bhéal a thagann an grinneolas agus an tuiscint. |
|
| 7 |
|
| Bíonn a eagna stuama in áirithe aige do na fíréin; is sciath é don mhuintir a chaitheann a saol go macánta. |
|
| 8 |
|
| Cosnaíonn sé cosáin na córa; cumhdaíonn sé bealach na ndaoine a bhíonn dílis dó. |
|
| 9 |
|
| Tuigfidh tú ansin an fhíréantacht agus an chóir, an ceart agus bealach na fíréantachta. |
|
| 10 |
|
| Nuair a thiocfaidh an eagna i do chroí isteach, agus gur geal le d' anam an t-eolas, |
|
| 11 |
|
| Beidh an chríonnacht mar gharda ort agus an tuiscint i do chúram, |
|
| 12 |
|
| Le thú a chosaint ar shlí na hurchóide, agus ar lucht na claonteanga, |
|
| 13 |
|
| Ar an muintir a thréigeann cosáin na fíréantachta d' fhonn siúl ar bhealaí an dorchadais; |
|
| 14 |
|
| Orthú siúd ar geal leo an t-olc a dhéanamh, ar gean leo an chamastaíl, |
|
| 15 |
|
| Ar casta iad a gcosáin agus nach siúlann ach ar bhealaí cama. |
|
| 16 |
|
| Saorfar thú ó ghreim na mná deoranta, ón strainséir mná lena briathra bladair; |
|
| 17 |
|
| Threig sise céile a hóige agus rinne dearmad ar chonradh Dé. |
|
| 18 |
|
| Tá a teach ag fiaradh chun báis, agus a cosáin ag seoladh chun na dtaisí. |
|
| 19 |
|
| Ní fhilleann aon duine a théann ina treo, ní leagann siad cos arís ar chosáin na beatha. |
|
| 20 |
|
| Leanfaidh tú, más ea, cosán lucht na córa, agus cloífidh tú le bealaí na bhfíréan. |
|
| 21 |
|
| Óir beidh an mhuintir ionraic i seilbh na tíre, agus beidh sé mar bhaile ag an muintir neamhurchóideach. |
|
| 22 |
|
| Scriosfar na peacaigh de dhroim na talún, agus scuabfar lucht an fhill ar shiúl aisti. |
|
|
|
|