|
| 1 |
|
| A nuair shuighios tú dithe bidh lé húachtaran, meas go friochnamhach cred bhías ad fhiadhnuise: |
|
| 2 |
|
| Agus cuir scían chum do scórnuigh, mas duine thú tabhartha do chráos. |
|
| 3 |
|
| Ná bi mían agad iona mhillséanuibh: óir ís biadh mealltach íad. |
|
| 4 |
|
| Ná sáothruigh bheith saidhbhir: sguir dot ghliocas féin. |
|
| 5 |
|
| An ccuirfidh tú do shúile annsa ní nach bhfuil ann? óir do ní saidhbhrios go deimhin sciatháin dó féin; eitillidsiad as amhuil iolar chum nimhe. |
|
| 6 |
|
| Ná hithse arán na drochshúl, agus ná dúiligh a bhíadha millsi: |
|
| 7 |
|
| Oír mar bhreathnuighios iona chroidhe, is marsin bhíos seision: Ith agus ibh, a deir sé riot; acht ní bhí a chroidhe leachd. |
|
| 8 |
|
| Urshloigfidh tú a níos an greim do ith tú, agus caillfidh tú do dheaghfhocail. |
|
| 9 |
|
| Ná labhair a cclúasaibh amadáin: óir dísbeagfuidh se gliocas do bhríathar. |
|
| 10 |
|
| Ná hathruigh an seintéora; agus ná heirigh a steach ar fhearann na ndílleacht: |
|
| 11 |
|
| Oír is cumhachtach a bhfúascaltóir; taigeoruidh sé a ccúis riot. |
|
| 12 |
|
| Tabhair do chroidhe do theagasg, agus do chlúasa do bhríathruibh éoluis. |
|
| 13 |
|
| Ná connaimh smacht ón leanabh: óir ma bhuáilionn tú leis an tslait é, ní bhfuighe sé bás. |
|
| 14 |
|
| Buáilfidh tú leis an tslait é, agus sáorfuidh tú a anam ó ifrionn. |
|
| 15 |
|
| A mhic, má bhíonn do chroidhe éagnuidhe, biaidh lúathgháire ar mo chroidhe, orumsa féin. |
|
| 16 |
|
| Gáirdeochuid fós, mo dhubháin, a nuáir laibheorus do bhéulsa neithe cearta. |
|
| 17 |
|
| Ná tnúthuigheadh do chroidhe ris na peacachuibh: acht bí a neagla an TIGHEARNA ar feadh an laé uile. |
|
| 18 |
|
| Oír is deimhin go bhfuil luáidheacht; agus ní géarrfuighthear ámach do dhóthchus. |
|
| 19 |
|
| Cluinsi, a mhic, agus bí críonna, agus tréoruigh do chroidhe annsa tslighe. |
|
| 20 |
|
| Ná bí a measg phótaireadh fíona; a measg ghrágaireadh líonus íad féin le feóil: |
|
| 21 |
|
| Oír tiucfaidh an pótaire agus an duine cráosach chum bochtuine: agus do dhéan a naimhleisge duine déudughadh le ceirteachaibh. |
|
| 22 |
|
| Eíst red athair noch do ghin thú, agus ná tarcuisnigh do mhathair a nuáir bhías sí áosta. |
|
| 23 |
|
| Ceannuigh a nfírinne, agus na reac í; eagna fós, agus múnadh, agus tuigsi. |
|
| 24 |
|
| Is mór lúathgháirfios athair a nionnruic: agus an té gheineas leanamh críonna do gheabh sé sólás úadh. |
|
| 25 |
|
| Biáidh lúathgháire air hathair agus air do mhathair, agus gáirdeochuidh an bhean rug thú. |
|
| 26 |
|
| A mhic, tabhair dhamhsa do chroidhe, coimhéadaidís do shúile mo shlighthe. |
|
| 27 |
|
| Oír is díog dhomhain an stríopach, agus is log cumhang an bhean choimhthigheach. |
|
| 28 |
|
| Bí sí fos a luidheachán amhuil sladmhóir, agus méaduigh si na millteóirigh a measc na ndaóine. |
|
| 29 |
|
| Cía ghá mbí mairg? cía ghá mbí dóbrón? cía ghá mbí imreasúin? cía ghá mbí callóid? cía ghá mbí cneadha gan adhbhar? cía ghá mbí deirge shúl? |
|
| 30 |
|
| An drong fhanas a bhfad ag an bhfíon; an lucht théid díarruidh a nfiona chumaisge. |
|
| 31 |
|
| Ná féuchsa air an bhfíon a nuáir bhíos sé dearg, a nuáir thaisbeanas sé a dhath annsa chupán, a nuáir chorruighios sé é féin go díreach. |
|
| 32 |
|
| Fá dheireadh gortuigh sé amhuil naithir nimhe, agus cealgaidh sé amhuil adder. |
|
| 33 |
|
| Do chithfid do shúile mná coimhthigheacha, agus laibheoruidh do chroidhe neithe neamhchubhaidh. |
|
| 34 |
|
| Biáidh tú fós, do nós an té luidhios síos a meadhón na fairge, nó mar an té luighios a mullach an chrainn seóil. |
|
| 35 |
|
| Do bhuaileadar mé, a deir tú, agus ni raibh mé tinn; do ghabhadar orum, agus níor mhothuigh mé: cá huáir mhúisceolas mé? íarrfa mé fós a rís é. |
|
|
|
|