|
| 1 |
|
| Ná déan dearmad de mo theagasc, a mhic, agus coinníodh do chroí greim ar m' aitheanta. |
|
| 2 |
|
| Óir bronnfaidh siadsan fad saoil ort, blianta breise saoil agus sonas go fial. |
|
| 3 |
|
| Ná tréigeadh dílseacht agus cneastacht go brách thú, ceangail faoi do bhráid iad, agus scríobh ar chláracha do chroí iad. |
|
| 4 |
|
| Beidh fabhar agus dea-cháil ort dá bharrsan, i láthair Dé agus daoine. |
|
| 5 |
|
| Bíodh muinín agat as an Tiarna, agus ná bíodh iontaoibh agat as do thuiscint féin; |
|
| 6 |
|
| Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú, agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh. |
|
| 7 |
|
| Ná bí féin a mheas go bhfuil tú eagnaí, ach bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair cúl leis an olc. |
|
| 8 |
|
| Beidh sin ina íocshlainte do do cholainn agus ina fhaoiseamh do do chnámha. |
|
| 9 |
|
| Tabhair onóir don Tiarna le do mhaoin go léir, agus le céadtorthaí d' fhómhair go léir. |
|
| 10 |
|
| Ansin líonfar do sciobóil go béal agus beidh maol ar do dhabhcha le fíon. |
|
| 11 |
|
| Ná déan díspeagadh ar smachtú ón Tiarna, agus ná bí míshásta le ceartú uaidh. |
|
| 12 |
|
| Óir ceartaíonn an Tiarna an té dá dtugann sé grá, faoi mar a dhéanann athair lena mhuirnín mic. |
|
| 13 |
|
| Is méanar don té a aimsíonn an eagna, agus don té a fhaigheann greim ar an tuiscint, |
|
| 14 |
|
| Is mó an sochar a ghabhann léi ná leis an airgead agus is mó a tairbhe ná an t-ór. |
|
| 15 |
|
| Is luachmhaire í na péarlaí, níl ní a shantófá is inchurtha léi. |
|
| 16 |
|
| Ina deasláimh tá fad saoil, agus ina ciotóg maoin agus saibhreas. |
|
| 17 |
|
| Bealaí aoibhnis a bealaí, agus níl ina treo ach síocháin. |
|
| 18 |
|
| Crann na beatha í do lucht a sealbhaithe, agus is méanar dóibh siúd a choimeadann greim uirthi. |
|
| 19 |
|
| Bhunaigh an Tiarna an chruinne ar a máithreacha le barr eagna, agus le barr tuisceana dhaingnigh sé na spéartha. |
|
| 20 |
|
| Bhrúcht na duibheagáin le barr a eolais, agus fearann na scamaill an drúcht ar an talamh. |
|
| 21 |
|
| Cloigh, a mhic ó, le heagna stuama agus le críonnacht, ná scaoil as do radharc iad. |
|
| 22 |
|
| Beidh siad mar bheatha ag d' anam, agus mar ornáid faoi do bhráid. |
|
| 23 |
|
| Tabharfaidh tú do bhóthar ort gan bhaol, agus ní bhainfear tuisle as do chosa. |
|
| 24 |
|
| Ní bheidh eagla ort i do shuí duit, agus beidh do chodladh go sámh i do luí duit. |
|
| 25 |
|
| Ná bíodh eagla ort roimh an uafás tobann, ná roimh ionsaí ó lucht na hurcóide; |
|
| 26 |
|
| Óir is é an Tiarna a bheidh agat mar urra, agus a shaorfaidh do chéimeanna ón ngaiste. |
|
| 27 |
|
| A mhic, ná coinnigh an mhaith ón té dar dual í nuair is féidir leat í a chur i ngníomh. |
|
| 28 |
|
| Ná habair le do chomharsa: «Imigh leat agus fill arís; tabharfaidh mé duit amarach é» nuair atá sé faoi do láimh. |
|
| 29 |
|
| Ná beartaigh olc in aghaidh do chomharsan, agus é ag maireachtáil go sochma i mbéal do dhorais. |
|
| 30 |
|
| Na déan achrann gan ábhar le duine nach ndearna aon dochar duit. |
|
| 31 |
|
| Ná bí ag éad le lucht ansmachta agus ná déan aithris orthu. |
|
| 32 |
|
| Óir is fuath leis an Tiarna an duine urchóideach; is leis na fíréin amháin a ligeann sé a rún. |
|
| 33 |
|
| Tá mallacht an Tiarna ar theach an drochdhuine, ach cuireann sé a bheannacht ar áitreabh na bhfíréan. |
|
| 34 |
|
| Tugann sé tarcaisne do tharcaisneoirí, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na huirísle. |
|
| 35 |
|
| Onóir is oidhreacht ag lucht na heagna, ní bhíonn ach an táire mar chuid ag amadáin. |
|
|
|
|