|
| 1 |
|
| Éistigí, a chlann mhac, le teagasc athar; tugaigí aird agus foghlaimigí céard í an tuiscint ghrinn. |
|
| 2 |
|
| Aitheanta córa a thugaim daoibh agus ná tréigigí mo theagasc. |
|
| 3 |
|
| Ba mhac mise freisin le hais m' athar, agus ba aonmhac muirneach mé ag mo mháthair. |
|
| 4 |
|
| Sé mhúin sé dom agus sé a dúirt: «Bíodh mo bhriathra i gcochall do chroí; coinnigh m' aitheanta agus mairfidh tú beo. |
|
| 5 |
|
| Bíodh eagna agat, agus bíodh tuiscint; ná déan dearmad di, agus ná claon ó bhriathra mo bhéil. |
|
| 6 |
|
| Na tréig í agus coimeádfaidh sí slan thú; tabhair grá di agus cosnóidh sí thú. |
|
| 7 |
|
| Tús na heagna, an eagna a ghnothú: faigh an tuiscint mar sin fiú má chosnaíonn sí a bhfuil agat. |
|
| 8 |
|
| Bíodh ardmheas agat uirthi, agus tabharfaidh sí ardú céime duit; tuillfidh sí onóir duit, má theannann tú í le do chroí. |
|
| 9 |
|
| Cuirfidh sí mionn maisiúil ar do cheann, agus bronnfaidh sí ort coróin ghlórmhar.» |
|
| 10 |
|
| Éist, a mhic, agus glac le mo bhriathra, agus mairfidh tú an céad. |
|
| 11 |
|
| Múinfidh mé slí na heagna duit, treoróidh mé thú ar bhealaí díreacha. |
|
| 12 |
|
| Ag siúl duit ní chuirfear bac ar do choiscéimeanna; nuair a rithfidh tú ní bhainfear tuisle asat. |
|
| 13 |
|
| Beir greim docht ar an dea-theagasc, agus ná lig uait é; cosain é ós é do bheatha é. |
|
| 14 |
|
| Ná leag cos leat ar chosán na n-urchóideach; ná siúl bealach na gciontach. |
|
| 15 |
|
| Seachain é, ná gabh an treo sin; tabhair cul leis, gabh thairis. |
|
| 16 |
|
| Ní théann aon chodladh orthu gan olc a dhéanamh; fágtar gan codladh iad mura mbíonn duine ar lár acu; |
|
| 17 |
|
| Sí an urchóid is bia acu, agus an lámh láidir an fíon a ólann siad. |
|
| 18 |
|
| Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae. |
|
| 19 |
|
| Tá bealach na n-urchóideach mar an duibheagán domhain; ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu. |
|
| 20 |
|
| Tabhair aird ar mo bhriathra, a mhic, agus éist go cúramach le briathra mo bhéil. |
|
| 21 |
|
| Ná scaoil as do radharc iad, coinnigh i gcochall do chroí iad. |
|
| 22 |
|
| Óir is beatha iad don mhuintir a aimsíonn iad, agus is sláinte iad don cholainn ar fad. |
|
| 23 |
|
| Thar aon ní eile, bíodh faire agat ar do chroí, óir is ann atá foinsí na beatha. |
|
| 24 |
|
| Tabhair cúl leis an mbéal mealltach, agus seachain an comhrá claon. |
|
| 25 |
|
| Féachadh do shúile díreach romhat, agus bíodh d' amharc romhat amach. |
|
| 26 |
|
| Bíodh an cosán faoi do chosa réidh, agus do shlite go léir daingean. |
|
| 27 |
|
| Ná claon ar dheis ná ar chlé, seachain do chos ar an olc. |
|
|
: |
| 1 | | 2 | | 3 | | 4 | | 5 | | 6 | | 7 | | 8 | | 9 | | 10 | | 11 | | 12 | | 13 | | 14 | | 15 | | 16 | | 17 | | 18 | | 19 | | 20 | | 21 | | 22 | | 23 | | 24 | | 25 | | 26 | | 27 | 1
1
1 |
|
|---|
|
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/proverbs/004.mp3
31
4