|
| 1 |
|
| A mhic, tabhair aird ar m' eagna, agus tabhair cluas go géar do mo chuid cainte. |
|
| 2 |
|
| Le go mbeadh críonnacht agus eolas do do chosaint, agus iad mar gharda ar do bheola. |
|
| 3 |
|
| [Ná tóg aon cheann de bhean bhaoth,] óir tá mil ar sileadh le beola an strainséir mná seo agus is míne a beola ná ola. |
|
| 4 |
|
| Ach níl de thoradh orthu ach mar a bheadh mormónta searbh, chomh géar le claíomh dhá fhaobhar. |
|
| 5 |
|
| Gabhann a cosa síos chun an bháis, agus seolann a céimeanna síos chun Seól; |
|
| 6 |
|
| In áit bealach na beatha a leanúint, gabhann sí bealaí fáin gan stuaim. |
|
| 7 |
|
| Éist liomsa anois, [a mhic], agus ná scar le briathra mo bhéil. |
|
| 8 |
|
| Stiúir do chúrsa i bhfad uaithi; agus ná téigh in aon ghiorracht do dhoras a tí, |
|
| 9 |
|
| Nó imeoidh d' onóir le daoine eile agus blianta do shaoil le duine gan trócaire, |
|
| 10 |
|
| Agus cothófar coimhthígh ar do chuid, rachaidh do shaothar chun sochair teaghlaigh strainséartha, |
|
| 11 |
|
| Agus déanfaidh tú osna i ndeireadh do shaoil, nuair a bheidh do cholainn is d' fheoil caite; |
|
| 12 |
|
| Agus déarfaidh tú: «Nach agam a bhí fuath don smacht! agus an drochmheas i mo chroí agam ar gach ceartú. |
|
| 13 |
|
| Níor éist mé le glór mo mháistrí, ná níor thug mé cluas do mo lucht teagaisc. |
|
| 14 |
|
| Táim anois in umar na haimléise i bhfianaise an chomhthionóil go léir.» |
|
| 15 |
|
| Ól uisce as do thaiscumar féin, agus fíoruisce as do thobar féin. |
|
| 16 |
|
| [Ná] lig do do thoibreacha sceitheadh amú, ná do do shrutháin sníomh trí na sráideanna. |
|
| 17 |
|
| Fágtar fút féin amháin iad, agus ní faoi strainséirí san am céanna. |
|
| 18 |
|
| Go raibh beannacht ar fhoinse do thobair! agus bíodh suáilceas agat i gcomhluadar na mná a phos tú i d' óige, |
|
| 19 |
|
| Eilit chórach, fia maisiúil; [bíodh sise mar chuideachta agat;] bíodh a cíochasan mar shólás agat i gcónaí, agus a grásan i gcónaí do do chuibhreach. |
|
| 20 |
|
| Cén fáth, a mhic, go meallfadh bean dheoranta thú, agus go mbéarfá barróg ar bhrollach strainséir mná? |
|
| 21 |
|
| Óir tá bealaí an duine os comhair súile an Tiarna, agus faireann sé a shlite go léir. |
|
| 22 |
|
| Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin. |
|
| 23 |
|
| Faigheann sé bás cheal smachta, agus téann sé amú le barr baoise. |
|
|
|
|