|
| 1 |
|
| A mhic, má chuaigh tú in urrús le do chomharsa, má chuaigh tú i mbannaí le strainséir, |
|
| 2 |
|
| Má chuir do chuid cainte i ngreim thú, má chuir briathra do bhéil faoi chuibhreach thú, |
|
| 3 |
|
| Déan mar seo, a mhic, le thú féin a fhuascailt ós rud é go bhfuil tú faoi bhois do chomharsan: téigh go tapa, brostaigh, agus bí ag impí ar do chara. |
|
| 4 |
|
| Ná lig codladh ar do shúile, ná suaimhneas ar d' fhabhraí. |
|
| 5 |
|
| Fuascail thú féin mar a dhéanfadh eilit ó ghaiste, nó éan ó láimh an fhoghlaera. |
|
| 6 |
|
| A leisceoir, téigh chun an tseangáin; déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat. |
|
| 7 |
|
| Níl aon duine le hordú a thabhairt dó, saoiste ná máistir; |
|
| 8 |
|
| Ach cóiríonn sé a chuid bia sa samhradh, agus bailíonn a sholáthairtí san fhómhar. |
|
| 9 |
|
| An fada a fhanfaidh tú i do luí ansin, a leisceoir? cathain a éireoidh tú ón suan? |
|
| 10 |
|
| Bíodh beagán suain, beagán codlata agat; fill do lámha, ábhar, ar mhaithe le socracht, |
|
| 11 |
|
| Agus beidh an bhochtaine taobh leat mar fhánaí, agus an ghannchúis, dála an [déirceora]. |
|
| 12 |
|
| An scraiste, an t-urchóideach, gabhann sé thart agus grabhas air; |
|
| 13 |
|
| Luíonn sé súil, scríobann lena chois, agus tugann comharthaí sóirt lena mhéar. |
|
| 14 |
|
| Bíonn an feall ina chroí ag beartú oilc, agus bíonn aighneas de shíor á adhaint aige. |
|
| 15 |
|
| Tiocfaidh an tubaiste sa mhullach air dá bharrsan; déanfar é a bhascadh go tobann, gan súil le leigheas. |
|
| 16 |
|
| Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna, agus is gráin lena chroí seacht gcinn: |
|
| 17 |
|
| Súil an uabhair, teanga an éithigh, lámha a dhoirt fuil neamhchiontach, |
|
| 18 |
|
| Croí a bheartaíonn cealga, cosa a bhrostaíonn chun an oilc, |
|
| 19 |
|
| Finné bréige ag spalpadh éithigh, agus an té a adhnann aighneas i measc a bhráithre. |
|
| 20 |
|
| A mhic, coinnigh aithne d' athar, agus ná tréig teagasc do mháthar. |
|
| 21 |
|
| Teann le do chroí i gcónaí iad, agus ceangail faoi do bhráid iad. |
|
| 22 |
|
| Ag siúl duit, treoróidh siad thú; i do luí duit, déanfaidh siad thú a fhaire; i do dhúiseacht duit, labhróidh siad leat. |
|
| 23 |
|
| Is lóchrann í an aithne seo agus is solas é an teagasc; is modh beatha an ceartú agus an smacht, |
|
| 24 |
|
| Le thú a chosaint ar an drochbhean, ar theanga shéimh na mná deoranta. |
|
| 25 |
|
| Ná cuir dúil do chroí ina scéimh, agus ná lig di thú a chuibhreach lena fabhraí; |
|
| 26 |
|
| Is féidir striapach a cheannach ar chanta aráin, ach is ar bheatha mhórluaigh a bhíonn tóir ag an adhaltrach. |
|
| 27 |
|
| An féidir le duine tine a iompar ar a ucht gan a chuid éadaigh a dhul trí thine? |
|
| 28 |
|
| Nó an féidir le duine siúl ar ghríosach gan a chosa a dhó? |
|
| 29 |
|
| Mar sin a bhíonn ag an té a luíonn le bean a chomharsan; ní rachaidh aon duine a bhainfidh léi slán gan phionós. |
|
| 30 |
|
| Is beag é an milleán a chuireann daoine ar an ngadaí a dhéanann goid lena bholg a líonadh agus ocras air. |
|
| 31 |
|
| Ach, má bheirtear air, ní foláir dó cúiteamh faoi seacht, agus maoin a thí go léir a thabhairt suas. |
|
| 32 |
|
| Ach níl splinc céille ag an adhaltrach; déan mar é, agus scriosfaidh tú thú féin. |
|
| 33 |
|
| Ní bhíonn dá bharr aige ach buillí agus achasáin, agus tarcaisne nach rachaidh ar ceal. |
|
| 34 |
|
| Cuireann éad fear le fraoch feirge, agus bíonn sé gan trua gan taise lá an díoltais. |
|
| 35 |
|
| Ní ghlacfaidh sé le cúiteamh, ná ní shásófar é dá mhéad a bhronnann tú air. |
|
|
|
|