|
| 1 |
|
| Coinnigh greim ar mo bhriathra, a mhic, agus cuir m' aitheanta i dtaisce duit féin. |
|
| 2 |
|
| Comhlíon m' aitheanta agus mairfidh tú beo; coinnigh mo theagasc mar mhac imreasan do shúile. |
|
| 3 |
|
| Ceangail de do mhéireanna iad agus scríobh ar chlár do chroí iad. |
|
| 4 |
|
| Abair leis an eagna: «Is tú mo shiúr,» agus tabhair do «chara dil» ar an tuiscint, |
|
| 5 |
|
| Le thú a chosaint ar an mbean drúisiúil, ón strainséir mná le briathra bladair. |
|
| 6 |
|
| D' fhéach [sí] ó fhuinneog a tí, amach ar an tsráid, |
|
| 7 |
|
| [Féachaint] an raibh i measc na bhfear óg gan taithí aon ógánach éaganta. |
|
| 8 |
|
| Seo an tsraid síos anois é, le hais a cúinne, agus ag gabháil an chosáin chun a tí, |
|
| 9 |
|
| Idir dhá sholas, um thráthnona, faoi choim na hoíche agus sa dorchadas. |
|
| 10 |
|
| Ach, féach, seo bean faoina dhéin, gléasta mar striapach agus calaois ina croí. |
|
| 11 |
|
| Báirseach gan iontaoibh í, nach dtéann suaimhneas ar a cosa sa bhaile. |
|
| 12 |
|
| Bíonn sí san airdeall ar an tsráid, sa mhargadh, agus ag gach cúinne. |
|
| 13 |
|
| Beireann sí greim air agus pógann é, agus deir sí leis lena gnúis mhínáireach: |
|
| 14 |
|
| «Bhí íobairtí le hofráil agam, agus chomhlíon mé mo mhóide inniu. |
|
| 15 |
|
| Uime sin tháinig mé amach i do choinne, agus mé sa tóir ort; agus fuair mé thú. |
|
| 16 |
|
| Chóirigh mé mo leaba le brait, agus [leath mé uirthi] togha brailliní ón Éigipt. |
|
| 17 |
|
| Chroith mé miorra, aloes, agus cainéal mar chumhráin ar mo leaba. |
|
| 18 |
|
| Tar! bímis ag ól ár sáith de dheoch an ghrá go maidin; bíodh suáilceas an ghrá againn. |
|
| 19 |
|
| Óir níl m' fhear céile sa bhaile, ach é imithe ar aistear fada. |
|
| 20 |
|
| Thug sé mála airgid leis; fillfidh sé abhaile leis an lánré.» |
|
| 21 |
|
| Cuireann sí cluain air lena tuile de bhladar mealltach, agus áitíonn air lena plámás séimh. |
|
| 22 |
|
| Leanann sé í de gheit, faoi mar a rachadh damh chun a mharaithe, Nó mar a rachadh fia i ngaiste, |
|
| 23 |
|
| nó go gcuirfí saighead ina ionathair; Nó mar a sceinnfeadh éan i súil ribe gan a fhios aige go bhfuil an bás faoina chomhair. |
|
| 24 |
|
| Éist liom anois, [a mhic], agus tabhair aird ar bhriathra mo bhéil: |
|
| 25 |
|
| Ná lig do do chroí dul amú ina bealaí, agus ná bí ag faoileáil ar a cosáin. |
|
| 26 |
|
| Óir is iomaí fear a leag sí ar lár, agus thug sí íde ar na gaiscígh go léir. |
|
| 27 |
|
| Sé a teach an bealach go Seól agus an tslí síos go cúirteanna an bháis. |
|
|
|
|