|
| 1 |
|
| Nach nglaonn an eagna? Nach n-ardaíconn an tuiscint a glór? |
|
| 2 |
|
| Seasann sí ar na hardáin, le hais an bhóthair; ar na cosáin atá a stáitse, |
|
| 3 |
|
| Ag na geataí os comhair na cathrach; glaonn sí go hard ar an mbealach chun na ngeataí: |
|
| 4 |
|
| «Oraibhse atá mé ag glaoch, a fheara; ar chlann na ndaoine atá mé ag lámh. |
|
| 5 |
|
| A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht; agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh]. |
|
| 6 |
|
| Éistigí, mar tá nithe uaisle le rá agam; agus as mo bheola tiocfaidh an ceart. |
|
| 7 |
|
| Fógróidh mo bhéal an fhírinne; agus is fuath le mo bheola an urchóid. |
|
| 8 |
|
| Is ceart iad briathra uile mo bhéil, níl cor ná cam iontu. |
|
| 9 |
|
| Is díreach iad don té a thuigeann, agus is ceart iad don té a aimsíonn an t-eolas. |
|
| 10 |
|
| Glac le smacht uaimse in áit an airgid, agus le heolas in áit togha an óir. |
|
| 11 |
|
| Mar is luachmhaire an eagna ná pearlaí, agus níl aon ní arbh fhiú a shantú seachas í. |
|
| 12 |
|
| Mise, an Eagna, tá cónaí orm sa chríonnacht; aimsím eolas agus éirím; |
|
| 13 |
|
| Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas; is liomsa géire intleachta agus cumas. |
|
| 14 |
|
| (Is cuma fuath don olc nó eagla an Tiarna;) is fuath liom uabhar, díomas, cosán an oilc agus an béal bréagach. |
|
| 15 |
|
| Is tríomsa a rialaíonn ríthe, agus a reachtaíonn rialtóirí dlíthe córa. |
|
| 16 |
|
| Is tríomsa a riarann flatha agus a rialaíonn uaisle an domhan. |
|
| 17 |
|
| Tugaim grá don mhuintir a thugann grá dom, agus an mhuintir a lorgaíonn mé, faigheann siad mé. |
|
| 18 |
|
| Tá maoin agus onóir agamsa, saibhreas buan agus conách. |
|
| 19 |
|
| Is fearr mo thoradh ná ór dá fhíre, agus mo fhómhar ná togha an airgid. |
|
| 20 |
|
| Siúlaim i mbealach na fíréantachta, i mbealaí na córa, |
|
| 21 |
|
| Ag dáileadh maoine ar an muintir a ghránn mé, agus ag líonadh a dtaiscí. |
|
| 22 |
|
| Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair, roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód. |
|
| 23 |
|
| I bhfad ó shin is ea a rinneadh mé, i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin. |
|
| 24 |
|
| Ní raibh na duibheagáin fós ann, ná na toibreacha ag brúchtaíl le huisce nuair a rugadh mé. |
|
| 25 |
|
| Sular cuireadh na sléibhte ina n-áit, sula raibh na cnoic fós ann, saolaíodh mise; |
|
| 26 |
|
| Sula ndearna sé talamh nó tír, nó fóid thosaigh an domhain. |
|
| 27 |
|
| Bhí mise ann nuair a bhí sé ag daingniú na bhflaitheas thuas, agus ag rianú bun na spéire ar dhromchla an duibheagáin, |
|
| 28 |
|
| Agus ag socrú na scamall lastuas, agus ag daingniú foinsí an duibheagáin, |
|
| 29 |
|
| Agus ag ceapadh teorann don fharraige, chun nach mbrisfeadh na huiscí a reacht, agus ag leagan síos dúshraith na cruinne. |
|
| 30 |
|
| Bhí mé lena thaobh mar cheardaí oilte ag cur áthais air ó lá go lá, agus ag súgradh ina láthair gan stad, |
|
| 31 |
|
| Agus ag déanamh spraoi ar fud an domhain mhóir, agus ag baint aoibhnis as caidreamh daoine. |
|
| 32 |
|
| «Anois, a chlann mhac, eistigí liomsa; is méanar don mhuintir a leanann de mo bhealaí. |
|
| 33 |
|
| Éistigí le teagasc agus bígí eagnaí; ná déanaigí faillí air: |
|
| 34 |
|
| Is méanar don fhear a éisteann liomsa, ag faire gach lá ag mo gheataí, ag feitheamh ag mo dhoirse. |
|
| 35 |
|
| Óir an té a gheobhaidh mise, gheobhaidh sé an bheatha, agus gnóthóidh sé gnaoi an Tiarna. |
|
| 36 |
|
| Ach an té dhéanann díobháil domsa, leonann sé a anam féin; agus an mhuintir a thugann fuath domsa, tugann siad grá don bhás.» |
|
|
: |
| 1 | | 2 | | 3 | | 4 | | 5 | | 6 | | 7 | | 8 | | 9 | | 10 | | 11 | | 12 | | 13 | | 14 | | 15 | | 16 | | 17 | | 18 | | 19 | | 20 | | 21 | | 22 | | 23 | | 24 | | 25 | | 26 | | 27 | | 28 | | 29 | | 30 | | 31 | | 32 | | 33 | | 34 | | 35 | | 36 | 1
1
1 |
|
|---|
|
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/proverbs/008.mp3
31
8