|
| 1 |
|
| Tá a teach tógtha ag an Eagna, agus a seacht gcolún curtha ina seasamh aici. |
|
| 2 |
|
| Tá sí tar éis a mairt a mharú a cuid fíona a ullmhú, agus a bord a chóiriú. |
|
| 3 |
|
| Tá a cuid banseirbhíseach curtha amach aici, le glaoch amach ó arda na cathrach: |
|
| 4 |
|
| «Cibé ar bith duine atá saonta, casadh sé isteach anseo!» agus le lucht na díchéille deir sí: |
|
| 5 |
|
| «Téanaigí, ithigí mo chuid aráin, agus ólaigí an fíon atá ullamh agam. |
|
| 6 |
|
| Tréigigí bhur mbaois agus mairfidh sibh; siúlaigí ar bhealach na tuisceana.» |
|
| 7 |
|
| An té a cheartaíonn fear na fonóide, faigheann sé tarcaisne; an té a dhéanann cáiseamh in aghaidh an urchóidigh, déanfar urchóid dó. |
|
| 8 |
|
| Ná ceartaigh fear na fonóide nó beidh an ghráin aige ort, ceartaigh eagnaí agus beidh grá aige duit. |
|
| 9 |
|
| Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós; múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós. |
|
| 10 |
|
| Tús na heagna eagla an Tiarna; agus grinntuiscint is ea aithne ar an Neach Naofa. |
|
| 11 |
|
| Cuirfear breis le líon do laethanta tríomsa, agus cuirfear blianta le fad do shaoil. |
|
| 12 |
|
| Más eagnaí thú, téann sin chun do thairbhe; más fonóidí thú, tú féin amháin a bheidh thíos leis. |
|
| 13 |
|
| Bean ghliogair an óinseach; tá sí leanbaí, aineolach. |
|
| 14 |
|
| Suíonn sí ag doras a tí; suíonn sí i gcathaoir ar na harda os cionn na cathrach. |
|
| 15 |
|
| Glaonn sí orthu siúd atá ag gabháil thar braid agus iad i mbun cúraimí an lae: |
|
| 16 |
|
| «An fear baoth casadh sé i leataobh anseo!» agus deir sí leis an amadán: |
|
| 17 |
|
| «Is milis é an t-uisce a goideadh; is milis é an t-arán a itear faoi choim.» |
|
| 18 |
|
| Níl a fhios aige siúd go bhfuil na taisí cruinnithe anseo, go bhfuil a haíonna i ndoimhneas Seól. |
|
|
: |
| 1 | | 2 | | 3 | | 4 | | 5 | | 6 | | 7 | | 8 | | 9 | | 10 | | 11 | | 12 | | 13 | | 14 | | 15 | | 16 | | 17 | | 18 | 1
1
1 |
|
|---|
|
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/proverbs/009.mp3
31
9