Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Ina theannta sin chonaic mé an t-ansmacht go léir a dhéantar abhus faoi luí na gréine: mar shampla, deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu agus gan aon duine ann chun fortacht a thabhairt dóibh. |
| 2 |
| Mar sin de mheas mé gur mhó ba mhéanar do na mairbh a bhí faoi shuan ná do na beo a raibh a saol rompu go fóill. |
| 3 |
| Ach an té nár rugadh fós agus nach bhfaca na hoilc a dhéantar abhus faoi luí na gréine is mó is méanar dósan ná do cheachtar acu. |
| 4 |
| Agus chonaic mé freisin nach bhfuil i ngach saothar agus i ngach obair cheardúil ach toradh an éada a bhíonn ag an duine lena chomharsa. Baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe. |
| 5 |
| Snaidhmeann an t-amadán a lámha ina chéile agus ní bhíonn an rath air. |
| 6 |
| Ach is fearr lán glaice le suaimhneas ná lán máma le saothar agus le tóraíocht gaoithe. |
| 7 |
| Agus chonaic mé an bhaois eile seo abhus faoi luí na greine: |
| 8 |
| fear agus é ina aonar, gan chara, gan mhac, gan bhráthair; é ag obair agus ag luain gan sos agus gan a shúile sásta riamh lena mhaoin. «Cé ar a shon,» ar seisean, «a bhfuil mé ag saothrú liom agus ag ceilt an aoibhnis orm féin?» Go deimhin, is baois é seo agus saothar in aisce. |
| 9 |
| Is fearr dís ná duine; mar faigheann siad tuarastal maith ar a saothar. |
| 10 |
| Óir, má thiteann duine acu ar lár, is féidir leis an duine eile a chomhghleacaí a thógáil suas. Ach is mairg don duine aonair nuair a thiteann sé; mar ní bhíonn aon duine aige chun é a thógáil. |
| 11 |
| Rud eile de, má chodlaíonn beirt le chéile, bíonn siad te teolaí. Ach conas is féidir don duine aonair é féin a choimeád te? |
| 12 |
| Thairis sin arís mar a mbuafaí ar an duine aonair, is féidir don dís an fód a sheasamh. Ní furasta ach oiread corda trí dhual a bhriseadh. |
| 13 |
| Is fearr ógánach bocht ach é a bheith críonna ná seanrí baoth nach nglacfaidh le comhairle níos mó, |
| 14 |
| fiú amháin más amhlaidh a tháinig sé ó charcair go coróin agus gur rugadh bocht é ina ríocht siúd. |
| 15 |
| Chonaic mé na beo go léir a shiúlann faoi luí na gréine ag taobhú leis an ógánach sin a bhí ina chomharba ar an seanrí. |
| 16 |
| Ní raibh áireamh ar líon na ndaoine uile a bhí faoina smacht ach mar sin féin ní bheidh sé ina ábhar áthais do na daoine, a thiocfaidh ina dhiaidh. Go deimhin baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/ecclesiastes/004.mp3
12
4