Duine dha ttug Día saidhbhrios, maóin, agus onóir, iondus nach bí éinní deasbhuidh air dha anam do nuile ní budh mían leis, gidheadh ní bheir Día cumhachta dhó ithe dhe sin, acht ithidh coimhthigheach é: is díomhaóineas so, agus is olc a neasláinte í.
¶ Má gheinion duine céud do chloínn, agus go mairfidh mórán blíadhan, ionnus go mbéid láethe a bhliadhan iomadamhuil, agus nach líontar a anam do mhaith, agus fós nach bhfúighe sé adhlacadh; a deirim, gur feárr gin nach ttig a hionbhuidh ná é.
Oír cía dhar fios cred is maith don duine san tsáoghalso, a láethibh a bheatha díomhaóine uile noch chaithios amhuil sgáile? óir cía fhéadas a innisin do dhuine cred bhías na dhíaigh faói an ngréin?