Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Is fearr dea-ainm ná dea-ola agus lá báis ná lá breithe. |
| 2 |
| Is fearr dul go dtí teach an chaointe ná teach na coirme, mar is é an bás is críoch do chách agus is cóir do na beo meabhrú go maith air sin. |
| 3 |
| Is fearr gol ná gaire mar is fearrde an croí gnúis ghruama. |
| 4 |
| Bíonn croí an eagnaí i dteach an chaointe agus croí an amadáin i dteach an tsuilt. |
| 5 |
| Is fearr éisteacht le cáineadh eagnaí ná le hamhrán amadáin. |
| 6 |
| Tá gáire an ghamail cosúil le brioscarnach brosna faoi chorcán; baois is ea é seo chomh maith. |
| 7 |
| Óir déanann ansmacht amadán den eagnaí agus truaillíonn breab an croí. |
| 8 |
| Is fearr deireadh scéil na a thosach agus is fearr an fhoighne ná an t-uabhar. |
| 9 |
| Ná bí teasaí taghdach, mar is in ucht amadáin a lonnaíonn an fhearg. |
| 10 |
| Ná habair: «Cén fáth a raibh an seansaol níos fearr ná an saol atá ann anois?» Óir, níor chríonna an mhaise duit a leithéid de cheist a chur. |
| 11 |
| Eagna agus oidhreacht le chéile, is maith an ní é sin agus téann sé ar sochar don mhuintir a fheiceann an ghrian. |
| 12 |
| Tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid ach is é an tairbhe atá le baint as an eolas go gcosnaíonn an eagna beo na ndaoine a bhfuil sí acu. |
| 13 |
| Breathnaigh ar obair Dé; cé hé ar féidir dó a bhfuil camtha aige a dhíriú? |
| 14 |
| Ar lá an tsonais déan gairdeas ach ar lá an donais déan machnamh air seo: tá Dia tar éis an lá sona a dhéanamh agus an lá dona freisin i dtreo nach mbeidh aon chúis ghearáin ag an duine ina aghaidh. |
| 15 |
| Le linn mo bheatha díomhaoine chonaic mé an uile chineál nithe: fíréan á scrios d' ainneoin a chuid fíréantachta agus saol fada ag an drochdhuine d' ainneoin a chuid mailíse. |
| 16 |
| Ná bí rofhíréanta ná róchríonna ach oiread. Cén fáth a millfeá thú féin? |
| 17 |
| Ná bí ró-olc ná ró-amaideach ach oiread. Cén fáth a bhfaighfeá bás anabaí? |
| 18 |
| Is maith an rud é cloí le ceann amháin de na prionsabail seo ach gan neamhaird a thabhairt ar an gceann eile; óir an duine a bhfuil eagla Dé air comhlíonann sé a dhualgas ar gach bealach. |
| 19 |
| De bharr a chuid eagna is láidre an t-eagnaí ná deichniúr rialtóir cathrach. |
| 20 |
| Ar an taobh eile dhe níl duine ar domhan chomh fíréanta sin go ndéanann sé an mhaith i gcónaí agus nach ndéanann sé peaca in aon chor. |
| 21 |
| Rud eile de, ná tabhair aird ar gach focal a labhraítear ar eagla go gcloisfeá do shearbhónta do do cháineadh. |
| 22 |
| Óir is maith atá a fhios agat gur cháin tú féin daoine eile go minic. |
| 23 |
| Rinne mé na nithe seo uile a thástáil le barr eagna, á rá: «Is rún dom an eagna a fháil» ach bhí sé thar m' acmhainn. |
| 24 |
| Gach ní dar tháinig ann is fada uainn é agus is é atá go domhain diamhair; cé hé ar féidir dó é a thuiscint? |
| 25 |
| Leag mé m' intinn ar an eagna agus ar an gcruinnmheastóireacht faoi chúrsaí an tsaoil a thuiscint agus a thaighde agus a thóraíocht agus d' aithin mé gur díth céille í an mhailís agus gur deargbhuile í an amaidí. |
| 26 |
| Aithním gur seirbhe ná an bás an bhean a bhfuil a croí lán de ghaistí agus de dhola agus is laincisí a lámha; an fear atá taitneamhach le Dia éalaíonn sé uaithi ach gabhfaidh sí an peacach. |
| 27 |
| Féach, a deir Cóheilit, tar éis dom an cheist a chíoradh, céim ar chéim, chun réiteach a fháil uirthi ar deireadh thiar fuair mé é seo amach |
| 28 |
| eolas, dar ndóigh, a bhí á lorg agam le fada ach go raibh teipthe orm é a fháil aon fhear macánta amháin a fuair mé i míle fear ach theip orm go fiú aon dea-bhean amháin a fháil sa líon céanna ban. |
| 29 |
| Féach, is é seo an t-aon ní amháin a fuair mé amach: is díreach a rinne Dia na daoine ach is iomaí cleas a tharraingíonn siad chucu féin. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/ecclesiastes/007.mp3
12
7