Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Laoi na laoithe do Sholamh. |
| 2 |
| Pógadh sé mé de phóga a bhéil óir is fearr do ghrá ná fíon. |
| 3 |
| Is maith é cumhracht d' ola, ola dhoirte d' ainm a d' fhág na cailíní i ngean leat. |
| 4 |
| Tarraing i do dhiaidh mé, rithimis. Tabhair isteach mé a rí, i do theach féin. Tú ár n-áthas, tú ár n-aoibhneas. Mórfaimid do ghrá thar fhíon. Is ciallmhar iad an mhuintir a thug grá duit. |
| 5 |
| Más dubh mé, is sciamhach, a mhná Iarúsaileim; mar bhotha céadair, mar bhéalscátha Sholaimh. |
| 6 |
| Ná féachaigí ar dhath mo chraicinn, is amhlaidh a dhóigh an ghrian mé. Mo dheartháireacha, a bhí anuas orm, d' fhág i bhfeighil na bhfíonghort mé, faoi deara faillí m' fhíonghoirt féin. |
| 7 |
| Inis dom, a ghrá mo chroí, Cá gcuireann tú do thréad ar féarach, Cá gcuireann chun luí ó bhrothall an lae iad; i dtreo nach gcaithfinn gabháil ag cuardach trí thréada do chomharsana? |
| 8 |
| Murab eol duit, a bhean thar mhná, lean lorg na gcaorach; cuir do mheannáin ar féarach in aice bhoth na dtréadaithe. |
| 9 |
| Mo chapaill faoi charbad Fhorainn, is mar sin liom tú, a chara. |
| 10 |
| Is breá do ghruanna d' ainneoin fáinní cluas, agus do mhuineál d' ainneoin muincí. |
| 11 |
| Déanfaimid muince óir duit agus cnaipí airgid inti. |
| 12 |
| Nuair atá an rí [ag a bhord], tá mo nard ag tabhairt a chumhrachta. |
| 13 |
| Miorr cumhra liom mo ghrá i sparán ar mo bhrollach. |
| 14 |
| Gas coifir liom mo ghrá as fíonghort Thobar Gheidí. |
| 15 |
| Nach álainn tú, a rún, nach álainn! do shúile is coilm iad. |
| 16 |
| Nach álainn tú, a ghrá; is aoibhinn go deimhin. I lár dhuilliúr ár leapa. |
| 17 |
| Crann céadrais díon ár dtí, adhmad píne ár dtroscán. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/songofsolomon/001.mp3
8
1