Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Lus an chroimchinn beag ar mhá mé, seileastar bocht i ngleann. |
| 2 |
| Seileastar idir driseacha mo rúnsa idir mná. |
| 3 |
| Crann úll thar chrainn na coille mo ghrása thar fir. Faoina scáth suím, mar ba mhian liom; milis le mo bhéal a ulla. |
| 4 |
| Thug sé go teach an fhíona mé; grá a mheirge orm. |
| 5 |
| Neartaigí le cácaí rísín mé; Cuirigí brí ionam le húlla, Mar tá galar an ghrá orm. |
| 6 |
| A lámh chlé faoi mo cheann, a lámh dheas tharm anall. |
| 7 |
| Agraím oraibh, a mhná Iarúsailéim, dar fia agus eilití na má, Ná corraigí, ná músclaígí mo rún go dtograí sí féin. |
| 8 |
| Éist! mo ghrá! Chugainn é thar bharr na gcnoc ag léim na ngleannta. |
| 9 |
| Cosúil mo ghrá le heilit nó le fia óg ag léim. Sin é lasmuigh anois é, ag féachaint isteach an fhuinneog, Ag faire agus ag glinniúint. |
| 10 |
| Éirigh chugam, a rún; a ghile, gluais liom. Seo é mo ghrá ag labhairt liom: |
| 11 |
| Seo anois tá an geimhreadh thart, tá an bháisteach glanta feasta, |
| 12 |
| tá an tír seo againne faoi bhláth, tháinig aimsir scoite na bhfíniúna; tá an fearán ag durdáil amuigh, |
| 13 |
| figí glasa ar an gcrann, cumhracht bláth fíniúna ar an ngaoith. Éirigh chugam, a rún; a ghile, gluais liom. |
| 14 |
| Mo cholm i scailp na haille, i bhfolach i bpluaiseanna, dá bhfeicfinn do ghnúis, dá gcluinfinn do ghuth! óir is binn é do ghuth, is álainn í do ghnúis. |
| 15 |
| Beirigí ar na sionnaigh, na sionnaigh bheaga dúinn, do mhill an fíonghort, ár bhfíonghort faoi bhláth. |
| 16 |
| Liomsa mo ghrá agus leis-sean mise, i measc na mbláthanna chuir sé a thréad, |
| 17 |
| Go séide lá go scaipe scáth, fill? bí cosúil, a ghrá, le heilit, nó le hoisín na bhfia ar Chnoc [Tairngire]. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/songofsolomon/002.mp3
8
2