Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 2 Nach breá iad do chosa i mbróig, a iníon rí; lorgaí mar chlocha muince dea-dhéanta ó láimh an tsaoir! |
| 2 |
| 3 D' imleacán mar chuach fíona, ní folamh é choíche. Brú mar charn cruithneachta, fál bláthanna air. |
| 3 |
| 4 Do dhá chích mar dhá oisín, cúpla aon eilite. |
| 4 |
| 5 Do mhuineál mar thúr eabhair, do shúile mar locháin Heisbeon faoi gheata Bhat Rabaím. Do shrón mar thúr sa Liobáin ag faire i dtreo na Damaisce. |
| 5 |
| 6 Do cheann mar Chnoc Chairmeil, folt ar dhath an chorcra; cheangail tú rí lena thriopaill. |
| 6 |
| 7 Is álainn tú, is aoibhinn, a shearc, a mhilse. |
| 7 |
| 8 Ard maorga mar chrann pailme tú, do chíocha mar chrobhaing. |
| 8 |
| 9 «Suas an phailm liom,» arsa mise; «béarfaidh mé greim ar a géaga.» Go raibh do chíocha mar chrobhaing fíniúna, boladh úll ar d' anáil. |
| 9 |
| 10 Togha fíona do phóga ag dul go blasta síos an scornach trí bheola agus fiacla. |
| 10 |
| Le mo ghrá-sa mise, agus mise a mhiansan. 11 |
| 11 |
| 12 Tar liom, a ghrá, amach ar na bánta. Codlóimid i measc bláthanna coifir. |
| 12 |
| 13 Moch maidine don fhíonghort, d' fhios ar eascair an fhíniúin, ar oscail a bláthanna, ar bhorr an gránúll. Is ann a thabharfad grá duit. |
| 13 |
| 14 Geanúll ag tabhairt a bholadh, togha agus rogha chun ár láimhe. Sean agus nua a thaisc mé duitse, a ghrá. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/songofsolomon/007.mp3
8
7