Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| In aghaidh na Bablóine |
| 2 |
| Ar an gcnocán sceirdiúil cuirigí comhartha in airde, crochaigí suas an ghairm slua. Bagraígí lámh orthu i leith chun go dtaga siad go geataí na n-uaisle. |
| 3 |
| Tá ordú tugtha agam do mo chuid óglach beannaithe; tá mé ag glaoch le teann feirge ar mo laochra, agus is iad atá cíocrach chun caithréime. |
| 4 |
| Éistigí! Torann ar na sléibhte mar bheadh slua ollmhór ag callán. Éistigí! Búirthíl na ríochtaí agus na náisiún i dtionól. Is é Tiarna na Slua atá ag gairm slógadh chun catha. |
| 5 |
| Tá siad ag teacht ó thír i gcéin, ó chianchríocha na spéire, an Tiarna agus feidhmeannaigh a fheirge, chun an talamh ar fad a chreachadh. |
| 6 |
| Déanaigí olagón! óir tá sé i ngar, lá an Tiarna; tá sé chugaibh ina léirscrios ó Dhia na n-uilechumhacht. |
| 7 |
| Dá bharr sin tá na lámha uile ar sileadh, agus croí an uile dhuine go fann; |
| 8 |
| tá scéin orthu agus scaoll, tá siad i bpriacail ar nós mná seolta. Tá siad ag breathnú ar a chéile agus a ngnúiseanna lasta le náire. |
| 9 |
| Tá lá an Tiarna chugaibh go cruálach, le fraoch agus le fearg loiscneach, chun fásach a dhéanamh den tír agus na peacaigh a theascadh as. |
| 10 |
| Óir réaltaí neimhe ina mbuíonta, ní chuirfidh siad a solas ag lonrú a thuilleadh; tiocfaidh smúit ar an ngrian ar éirí di, ní thabharfaidh an ghealach a solas níos mó. |
| 11 |
| Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide, agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin; cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasach agus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis. |
| 12 |
| Déanfaidh mé daoine níos gainne ná scoth an óir, níos teirce ná ór Óifír. |
| 13 |
| Is é sin an fáth a dtiocfaidh ballchrith ar na spéartha, go mbogfaidh an talamh as a áit, le barr buile Thiarna na Slua, sa lá a spréachfaidh a fhearg. |
| 14 |
| Ansin, mar a bheadh fia á sheilg, mar a bheadh tréad caorach gan duine lena locadh, tabharfaidh gach aon a aghaidh ar a mhuintir féin, agus teithfidh chun a dhúiche féin. |
| 15 |
| Gach aon a dtiocfar air, sáithfear le scian é; gach aon a mbéarfar air, titfidh sé leis an gclaíomh. |
| 16 |
| Bascfar a bpáistí os comhair a dhá súl, déanfar slad ar a dtithe agus éigean ar a mná. |
| 17 |
| Seo, tá mé ag gríosú na Méideach ina n-aghaidh, gur cuma leo airgead agus gur táir leo ór. |
| 18 |
| Tá na gasúir á mbascadh agus na girseacha á mbrú. Toradh na broinne ní trua leo, ná níl trócaire ina súil d' aon mhac máthar. |
| 19 |
| An Bhablóin, péarla na ríochtaí, seod agus práinn na gCaildéach, beidh sí ar nós Shodom agus Ghomorá nuair a threascair Dia iad. |
| 20 |
| Ní bheidh cónaí ansin níos mó, ná áitreabh ann ó ghlúin go glúin go deo. Ní chuirfidh an tArabach suas a bhoth ann a thuilleadh, ná na haoirí a dtréada ann i gcró. |
| 21 |
| Beidh a ngnáthóga ag na hainmhithe allta ann, agus beidh a cuid tithe lán d' ulchabháin. Beidh cónaí ar éanlaith an aeir ansin, agus na púcaí ag rince ina lár. |
| 22 |
| Beidh mic tíre ag glaoch ar a chéile ina hárais, agus na madraí allta ina páláis sháile? Tá a haimsir ar na gaobhair, ní chuirfear a laethe ar cairde. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/isaiah/013.mp3
66
13