Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Fáistine i dtaobh Mhóáb. An oíche a ndearnadh creach ar Ár, fágadh Móáb ina thost; an oíche ar creachadh Cír, fágadh Móáb ina thost. |
| 2 |
| Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha; |
| 3 |
| sna sráideanna tá éadach róin orthu, agus ar bharr na dtithe táthar ag caoineadh. Sna cearnóga tá gach aon ag olagón agus an gol ag briseadh orthu. |
| 4 |
| Tá Heisbeon agus Eileálae ag éagaoin, chomh fada le Iahaz tá siad le cloisint. Is uime sin atá corróga Mhóáb ar crith, agus a anam ag creathnú. |
| 5 |
| Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb, agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar. Och! fána Lúichít suas atá a dtriall agus iad ag caoineadh. Ar bhealach Horonáím tá siad ag gol go coscarthach. |
| 6 |
| Och! uiscí Nimrím, is sceirdiúil an áit í; tá an féar feoite, an scraith ghlas seargtha, lusra níl ann níos mó. |
| 7 |
| Is é sin an fáth a bhfuil a soláthar déanta agus a bhfuil a maoin á hiompar acu thar Sruthán na Saileach anonn. |
| 8 |
| Och! déanann an liúireach cuairt chríoch Mhóáb; fhad le hEaglaím tá a uailleach le cloisint, a uailleach fad le Béar Éilím. |
| 9 |
| Och! tá uiscí Dhímeon ina dtuilte fola; ach tá tubaistí le teacht fós ar Dhímeon, leon ar fhuíoll air Mhóáb agus ar iarmhar na tíre sin. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/isaiah/015.mp3
66
15