Bíobla Naomhtha 1817
|
| 1 |
| Annsa bhlíadhain a ttáinic Tartan go Hasdod, a nuáir do chuir Sargon rígh na Hassíria úadh é, agus do throid a naghaidh Asdod, agus do ghabh sé í; |
| 2 |
| Annsa namsin féin do labhair an TIGHEARNA tre Isaiah mhac Amos, gha rádh, Imthigh agus scaóil an saicéadach ó a ttimchioll do leasruigh, agus cuir do bhróg dot chois. Agus do rinne sé sin, ag siubhal nochtuigh agus lomchosach. |
| 3 |
| Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Amhuil mar do shiubhluighios mo shearbhfhoghantuighe Isaiah nochduigh agus gan choisbheirt trí blíadhna mar chomhartha agus mar iongnadh ar a Négipt agus ar a Netíopia; |
| 4 |
| Mar sin bhéaras rígh na Hassíria an Hégiptigh leis ná bpríosúnachaibh, agus na Hetíopigh na mbraighdibh, óg agus sean, nochduigh agus lomchosach, eadhon gon a masuibhlomnochd, chum náire don Négipt. |
| 5 |
| Agus béid síad eaglach agus naireach ar son na Hetíopia a ndóthchus, agus ar son na Hégipte a nglóir. |
| 6 |
| Agus déaruidh áitreabhach a noiléinsi annsa ló sin, Féuch, sé a leitheid so ar ndothchus chum a tteithfiom chum cuidigh dar sáoradh ó rígh na Hassíria: agus ciondus racham as? |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1817/isaiah/020.mp3
66
20