1
Ualach dhíothraimh na fairge. Mar imthighid gáotha ghuáirdeain don taóibh ó dheas thríd; marsin thig sé ón díothramh, ó dhúthaigh úathbhásaigh.
2
Do fhoillsigheadh fis dhoilghiosach dhamhsa; do ní an duine míochoinghiollach míochoinghioll, agus creachaidh an creachadóir. Eirígh súas, a Elam: suígh a ttimchioll, a Mhédia; thug misi ar a hosnadhuibhsin uile cosg.
3
Uimesin atáid mo leasrach lán do phéin: do ghlacadar píanta greim dhíom, amhuil píanta mhná ré niodhnuibh: do cromadh síos mé le na chluinsion sin, do bhí mé a naithmheal le na fhaicsin.
4
Do criothnuigh mo chroidhe, dúamhnuigh eagla mé: diompóigh sé oidhche mo shólais a neagla dhamh.
5
Gléasuidh an bórd, déanaidh furachus a ttor na faire, ithidh, ibhidh: éirghidhe, a phrionnsadha, ungaidh an scíath?
6
Oír is marso a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Eirghidhe, curidh amach fear faire, foillsigheadh sé cred do chí sé.
7
Agus do chonnairc sé carbad ag dís marcach, carbad assal, agus carbad cámhall; agus déist sé go friochnamhach maille re haire mhóir.
8
Agus dfúagair sé, Leomhan: A thighearna, seasuim a gcomhnuidhe ar thor na faire a naimsir an laé, agus cuirthear annsa bhforaire mé gach aonoidhche:
9
Agus, féuch, atá ag teachd annso carbad daóine, maille re dís marcach. Agus do fhreagair seision agus a dubhairt sé, Do thuit an Bhabilóin, do thuit; agus do bhris sé go talamh íomháighe ghreanta a dée uile.
10
O mo bhúaladh, agus arbhar murláir: an ní do chúala mé ó THIGHEARNA na slógh, Día Israel, dinnis mé dhaóibh é.
11
¶ Ualach Dumah. Goiridh sé orum as Seir, A fhir na faire, cred do sgéula ó noidhche? A fhir na faire, cred do sgeula ó nóidhche?
12
A dubhairt fear na faire, Tháinic an mhaidin, agus mar an ccéadna a noidhche: má fhíafruidhe, fiafruighe: fillidh, tagaidh.
13
¶ Ualach na Harabia. A bhforaois na Harabia choideolthaói, sibhsi a chuideachda‐shiubhail Dhedanim.
14
Thug áitreabhuigh thíre Tema uisge chum an tí ar a raibh tart, thangadar le na narán a ccoinne an tí do theith.
15
Oír do theitheadar roimhe na ccloidhmhthe, ón ccloidhiomh táirngthe, agus ón mbogha gléasta, agus ó dhoilghios an chogaidh.
16
Oír a dubhairt an TIGHEARNA marso riomsa, Táobh a stigh do bhlíadhain, do réir bhlíadhna formalaigh, agus failleochaidh glóir Chedair uile.
17
Agus laighdeochthar an mheid fhúigfidhthear duibhir na soighdeóireadh, daóine árrachda chloinne Cedair: óir do labhuir an TIGHEARNA Día Israel é.
Irish Bible 1817
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817. Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)