×

Bíobla Naofa 1981

Íseáia 35

1
Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir, bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth; tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch, déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol.
2
Maise na Liobáine tugtar dó, scéimh Chairmell agus Sheárón lena chois sin; beidh maise an Tiarna le feiceáil acu seo agus scéimh an Dé seo againne.
3
Déanaigí láidir na lámha atá faonlag agus cuirigí téagar sna glúine atá ag lúbadh;
4
abraigí le lucht an chroí mhearaithe: «Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh. Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann, tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh; Dia atá ann ag agairt a chúitimh, agus é ag teacht do bhur slánú.»
5
Déanfar a súile do na daill an uair sin agus réiteofar cluasa na mbodhar;
6
beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir. Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach agus srutháin i bhfearann an triomaigh;
7
déanfar linn den talamh spallta agus toibreacha uisce de thír an tarta. Na huaimheanna mar a dtéadh na madraí allta a chónaí, beidh siad ina mothar cíbe agus giolcach?
8
Beidh bealach mór agus bóthar ansin a dtabharfar mar ainm air an Bealach Beannaithe; ní shiúlfaidh an neamhghlan an treo sin, ná ní bheidh lucht baoise ag fánaíocht ar a fhad.
9
Ní bheidh leon ar bith ansin feasta ná aon chreachadóir d' ainmhí allta; ach an dream atá i ndiaidh a bhfuascailte, is iad a shiúlfaidh é,
10
agus an dream atá saortha ag an Tiarna, leanfaidh siad abhaile é. Tiocfaidh siad go Síón, ag liúireach le gairdeas, agus aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann; tiocfaidh áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta, agus beidh casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí