Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Sna laethanta sin, buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé le bás. Tháinig an fáidh Íseáia mac Ámóz chuige agus dúirt leis: «Seo mar a deir an Tiarna: Déan do thiomna le do theaghlach, mar tá an bás agat; níl téarnamh i ndán duit.» |
| 2 |
| D' iompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé suas an phaidir seo chuig an Tiarna: |
| 3 |
| «Uch, a Thiarna, cuimhnigh, impím ort, mar a d' iompair mé mé féin i d' fhianaise le dílseacht agus faoi chroí mór maith, agus an rud a bhí maith i do shúile á dhéanamh agam.» Agus chaoin sé uisce a chinn. |
| 4 |
| Ansin ligeadh briathar an Tiarna le hÍseáia: |
| 5 |
| «Gabh agus abair le Hiziciá: Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Tá d' urnaí cloiste agam agus do dheora feicthe agam. Tá mé chun tú a leigheas; faoi chionn trí lá, rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna. Cuirfidh mé cúig bliana déag le do shaol. |
| 6 |
| Scaoilfidh mé saor thú as láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chumhdach.» |
| 7 |
| D' fhreagair Íseáia: «Seo duit ón Tiarna an comhartha go ndéanfaidh sé an rud a dúirt sé. |
| 8 |
| Bí ag coimhéad scáth na gréine ar chéimeanna Áchaz, tabharfaidh mé air filleadh deich gcéimeanna ar ais.» Agus d' fhill an ghrian ar ais na deich gcéimeanna a bhí sí tar éis a dhul síos. |
| 9 |
| Duan Hiziciá, rí, Iúdá, ar ócáid a leigheasta ón ngalar a bhí air. |
| 10 |
| Bhí mé á rá: i mbláth mo mhaitheasa ní foláir dom imeacht liom go geataí Seól síos; is ann a choinneofar mé ar feadh a bhfanann agam de bhlianta. |
| 11 |
| Bhí mé á rá: Ní fheicfidh mé an Tiarna níos mó i dtír na mbeo, ní fheicfidh mé a thuilleadh aon duine de mhuintir an tsaoil seo. |
| 12 |
| Tá m' áit chónaithe bainte dhíom, tá sí stoite ar nós an phubaill a bhíonn ag aoirí; mar a dhéanfadh fíodóir, tá mo shaol cornta suas agat, agus tú ar tí an uige a ghearradh. Ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche, |
| 13 |
| agus mé ag screadaíl ansin go teacht na maidine; tá mo chnámha ina gconamar, mar bhrisfeadh leon iad, ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche. |
| 14 |
| Mar a bheadh fáinleog ann, tá mé ag bíogarnach, tá mé ag olagón ar nós colúir; tá mo shúile á n-iompú agam i dtreo na n-ard, amharc i mo dhiaidh agus bí i d' urra agam. |
| 15 |
| Cad is féidir liom a rá, ná a chaitheamh suas leis an Tiarna, ó tharla gurb é féin a rinne an beart seo; beidh mé ag fánaíocht romham an dá lá a mhairfidh mé, agus m' anam go goirt ionam istigh. |
| 16 |
| Ach, a Thiarna, ina dhiaidh sin beidh m' anam beo i do chuideachta; is tú a thabharfaidh suaimhneas do mo spiorad. Beidh fáil ar théarnamh agam agus fadú saoil. |
| 17 |
| Óir an donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan; is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní, óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir. |
| 18 |
| Ní thugann Seól moladh duit, ní féidir don Bhás tú a cheiliúradh; an dream a théann síos sa duibheagán, níl dóchas acu as do dhílseacht níos mó. |
| 19 |
| An beo, an beo amháin a cheiliúrann thú, mar a dhéanaim féin inniu. Athair mé ag meabhrú do dhílseachta dá chlann. |
| 20 |
| Tá an Tiarna i ngar chun mé a shábháil; mar sin seinnfimid ceol molta ar théada laethanta uile ár saoil os comhair Theampall an Tiarna. |
| 21 |
| Dúirt Íseáia: «Cuirigí ceirín figí ar an neascóid agus tiocfaidh biseach air.» ABN: 6, 21, 22, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 19, 20 |
| 22 |
| Dúirt Hiziciá: «Cén comhartha a bheidh agam go rachaidh mé suas go Teampall an Tiarna?» |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/isaiah/038.mp3
66
38