×

Bíobla Naofa 1981

Íseáia 39

1
San am sin, chuir Marodac Baladán mac Bhaladán, rí na Bablóine, chuir sé litreacha agus bronntanas chuig Hiziciá, mar gur chuala sé trácht ar a bhreoiteacht agus ar a théarnamh.
2
Ba mhór le Hiziciá sin agus thaispeáin sé do na teachtairí a státchiste, idir ór agus airgead, idir spíosra agus ola luachmhar, chomh maith lena armlann agus gach a raibh ina chuid stóras. Dada ní raibh ina phálás ná ina chríocha ar fad nár thaispeáin Hiziciá dóibh.
3
Ansin tháinig an fáidh Íseáia fá dhéin an rí Hiziciá agus d' fhiafraigh de: «Cad dúirt na daoine sin agus cá has ar tháinig siad go dtí tú?» D' fhreagair Hiziciá: «Tháinig siad ó thír i bhfad i gcéin, ón mBablóin.»
4
D' fhiafraigh Íseáia arís: «Cad a chonaic siad i do phálás?» D' fhreagair Hiziciá: «Chonaic siad gach a bhfuil i mo phálás: Níl ní ar bith i mo chuid stóras nár thaispeáin mé dóibh.»
5
Ansin dúirt Íseáia le Hiziciá: «Éist le briathar Thiarna na Slua!
6
Tiocfaidh na laethanta a dtabharfar ar shiúl chun na Bablóine gach a bhfuil i do phálás, gach ar chuir do shinsir i dtoll a chéile go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní, a deir an Tiarna.
7
Cuid de do chlann mhac féin a shaolófar duit, tabharfar ar shiúl iad agus beidh siad ina gcoillteáin i bpálás rí na Bablóine.»
8
Dúirt Hiziciá le hÍseáia ansin: «Briathar sin an Tiarna agat, is dea-scéala é.» Óir ba é a bhí ina aigne: «Beidh síocháin agus slándáil ann le mo ré féin.»
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí