×

Bíobla Naofa 1981

Íseáia 4

1
Agus béarfaidh seachtar ban greim ar aon fhear amháin, an lá sin: «Gheobhaimid bia dúinn féin,» a déarfaidh siad, «agus cuirfimid éadaí orainn féin; ach lig dúinn d' ainm a thabhairt orainn féin, tóg dínn cúis ár náire.»
2
Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarna faoi loinnir agus faoi mhaise, agus toradh na talún mar ghlóir agus mar scéimh ag iarmhar Iosrael.
3
An dream a mhairfidh de Shíón, fuíoll áir Iarúsailéim tabharfar naoimh orthu uile agus clárófar ar rolla na beatha iad in Iarúsailéim.
4
Truailliú iníon Shíón, nuair a bheidh sí nite ag an Tiarna, agus Iarúsailéim glanta aige den fhuil a doirteadh le siorradh an bhreithiúnais agus siorradh an loiscthe,
5
tiocfaidh an Tiarna a chónaí i ngach uile chuid de Shliabh Shíón agus orthu siúd a thagann le chéile ann, ina néal agus ina dheatach de lá, agus d' oíche, ina chaor thine luisneach. Óir os a chionn ar fad, beidh glóir an Tiarna ina léibheann
6
agus ina both chun scáth a thabhairt sa lá in aghaidh an teasa, agus chun bheith ina tearmann agus ina dídean in éadan báistí agus stoirme.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí