Bígí in bhur dtost i mo láthair, a insí na farraige, déanadh na ciníocha a neart a athnuachan; tagadh siad chun tosaigh agus labhraíodh siad. Tagaimis le chéile i láthair an bhreithiúnais, mise agus iad.
«Cé a mhúscail é siúd as an Oirthear, a bhfuil an bua ag fáiltiú roimhe gach áit a dtriallann sé? Cé a thugann na ciníocha ar láimh dó agus a thugann béim síos do na ríthe os a chomhair? Déanann a chlaíomh deannach díobh agus scaipeann a bhogh iad ina gcoinleach cáite.
Spreagann an ceardaí an gabha óir; gríosaíonn fear an chasúir ghreanta fear buailte na hinneona. Deir sé faoin phlátáil: «Tá sé déanta go maith.» Agus daingníonn le tairní é sa chaoi nach mbogfaidh sé.]
Tusa a thug mé ó chríocha na talún agus ar ghlaoigh mé ort ó iargúil na cruinne; tusa ar dhúirt mé leat: «Is tú mo ghiolla, tá tú tofa agam, níor thug mé droim láimhe leat.»
Ná bíodh eagla ort, tá mise i d' fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu, iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne. Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal, an dream a bhí ag iomaíocht leat.
Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort briathar an Tiarna is é Neach Naofa Iosrael d' fhuascailteoir.
Seo, tá mé chun cliath buailte a dhéanamh díot, é úrnua agus dhá chíor fiacal ann. Buailfidh tú agus meilfidh tú na sléibhte, déanfaidh tú lóchán mín de na cnoic.
Cáithfidh tú iad agus tabharfaidh an ghaoth ar shiúl iad, cuirfidh an stoirm scaipeadh orthu. Maidir leat féin, beidh lúcháir ort sa Tiarna, beidh tú ag déanamh mórtais as Neach Naofa Iosrael.
Tá na dearóile agus na bochtáin ag lorg uisce, agus níl sé ann. Tá an teanga spallta iontu le tart. Ach mise, an Tiarna, tabharfaidh mé éisteacht dóibh, mise, Dia Iosrael, ní thréigfidh mé iad.
San fhásach cuirfidh mé crainn chéadrais, crainn acáise agus crainn mhiortail agus crainn olóige. Sa díthreabh cuirfidh mé an t-aiteal, crann plána agus cufróg le hais a chéile.
Chun go bhfeice daoine agus go n-aithní siad, chun go meabhraí siad agus go dtuige siad le chéile gurb í lámh an Tiarna a rinne an méid sin, gurb é Neach Naofa Iosrael a chuir i gcrích.
«Tagadh siad chun tosaigh, na déithe bréige seo, agus foilsíodh siad dúinn cad tá le titim amach. Cad a thaispeáin siad dúinn san am atá thart go dtabharfaimis aird ar bith orthu? Nó an é go bhfuil sibh chun na rudaí atá le teacht a nochtadh chun go mbeidh a fhios againn an toradh a bheidh orthu.
Foilsígí dúinn cad a bheidh ann amach anseo, chun go bhfeice muid an déithe sibh. Déanaigí rud éigin, olc, maith nó dona, chun go n-airí muid agus go bhfeice muid go léir é.
Mhúscail mé as an Tuaisceart é agus tháinig sé, ghlaoigh mé air as an Oirthear ina ainm. Shatail sé ar mhaoir chúige mar a bheadh láib iontu, mar a dhéanfadh potaire a chuid cré a phasáil.
Cé a d' fhoilsigh é anallód, go mbeadh a fhios againn? fadó riamh, chun go ndéarfaí: «Tá sé ceart»? Ach ní raibh duine ar bith ann a d' fhoilsigh é, duine ar bith a d' fhógair é, duine ar bith a chuala focal uait.
Bhí mé ag breathnú uaim agus ní raibh aon duine ann, ní raibh ceann comhairle ar bith ina measc go bhféadfainn ceist a chur air agus a thabharfadh freagra dom.