Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha. |
| 2 |
| Glaoch ná gáir ní chuireann sé as, ná ní chloistear a ghlór sa tsráid amuigh. |
| 3 |
| Ní bhriseann sé an sifín brúite, ná ní mhúchann an lasair chreathanach. Soláthraíonn sé an ceart go dílis, |
| 4 |
| ní chreathann sé féin ná ní bhrúitear síos é nó go mbeidh an ceart bunaithe ar talamh, óir tá críocha na farraige ag dréim lena reacht. |
| 5 |
| Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia, an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad, a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann, a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí air agus meanma sa dream a shiúlann é: |
| 6 |
| Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht, rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú, agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobal agus i do sholas do na ciníocha, |
| 7 |
| chun súile na ndall a oscailt, chun na cimí a scaoileadh as an gcarcair agus as an bpríosún an dream atá ina suí sa dorchadas. |
| 8 |
| Mise, arb é an Tiarna is ainm dom, ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile ná m' onóir leis na híola. |
| 9 |
| Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad. Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam; sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam. |
| 10 |
| Canaigí don Tiarna amhrán úr! Moladh leis ó cheann ceann na talún! Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann, insí na farraige agus a muintir go léir! |
| 11 |
| Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór, agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar! Tógadh muintir Charraig Sheala liú agus gártha ar mhullach na mbeann! |
| 12 |
| Tugadh siad glóir don Tiarna agus in insí na farraige déanadh siad a mholadh! |
| 13 |
| Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann, tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch; cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú, agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde. |
| 14 |
| «Le fada riamh bhí mé i mo thost, d' fhan mé ciúin agus choinnigh smacht orm féin? Ach anois tá mé ag olagón ar nós mná seolta, tá cneadach agus saothar anála orm. |
| 15 |
| Tá mé ag dul sléibhte agus cnocáin a chríonadh agus a nduilliúr ar fad a sheargadh; déanfaidh mé locháin dá n-aibhneacha agus triomóidh mé a linnte go léir. |
| 16 |
| Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach mór agus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh. Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompu agus cosáin chama ina siúlóid réidh. Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé, ní bheidh dul siar orthu.» |
| 17 |
| Druidfidh siad ar gcúl agus náire orthu, iad siúd a bhfuil a muinín in íola, iad siúd a deir leis na dealbha leáite seo: «Sibhse ár ndéithe.» |
| 18 |
| Sibhse atá bodhar, éistigí anois! A dhalla, breathnaígí go bhfeice sibh! |
| 19 |
| Cé atá dall, murab é mo shearbhónta é, nó cé atá chomh bodhar leis an teachtaire a chuir mé uaim? Cé atá chomh dall le fear muiníne Dé nó chomh bodhar le giolla an Tiarna? |
| 20 |
| Chonaic tú mórán gan sonrú a chur ann, bhí do chluasa ar oscailt gan dada a chloisteáil! |
| 21 |
| Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta, a reacht a mhóradh agus a onórú. |
| 22 |
| Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh, tá siad go léir sáinnithe i bprochóga agus faoi bhraighdeanas i bpríosúin. Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh, á slad agus gan duine lena rá: «Tabhair ar ais é.» |
| 23 |
| An bhfuil aon duine in bhur measc ag éisteacht? Aon duine a chuirfidh cluas air le haghaidh an am atá ag teacht? |
| 24 |
| Cé thug Iacób ar láimh don chreachadóir agus Iosrael do lucht a scriosta? Nárbh é an Tiarna é? Ó rinne muid peaca ina aghaidh agus nár mhian linn a bhealaí siúd a leanúint, ná éisteacht lena reacht. |
| 25 |
| Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg air agus fíoch an chogaidh. Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó, loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/isaiah/042.mp3
66
42