Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib, ar a dtugtar ainm Iosrael agus a tháinig ó fhréamh Iúdá; sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarna agus a tharraingíonn anuas Dia Iosrael gan dea-rún gan fíréantacht.
Is uime sin a d' fhoilsigh mé rudaí duit roimh ré; sula dtarlódh siad, d' fhógair mé duit iad, ionas nach mbeifeá á rá: «M' íol is é a rinne iad; mo dhealbh shnoite, mo dhealbh leáite a d' ordaigh!»
Chuala tú agus chonaic tú sin go léir anois, nach bhfuil sé chomh maith agat é a admháil? Anois tá mé chun rudaí nua a fhoilsiú duit, rudaí folaithe nárbh eol duit,
Níor chuala tú trácht riamh orthu, níorbh eol duit iad, ní raibh do chluas oscailte agam dóibh roimh ré. Óir bhí a fhios agam an feall atá ionat, agus clú na ceannairce a bheith ort ón mbroinn.
Bailigí go léir le chéile agus éistigí; cé acu a d' inis na rudaí seo roimh ré? «Déanfaidh fear mo pháirte rud orm i gcoinne na Bablóine agus sliocht na gCaildéach.»
Gabhaigí i leith chugam go gcloise sibh an méid seo: «Ón tús níor labhair mé libh faoi choim, agus ón am a tharla seo tá mise ann.» «Agus anois tá an Tiarna Dia tar éis mé a chur uaidh, mar aon lena spiorad.»
Seo mar a deir an Tiarna, d' fhuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit, is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit.
Mar an ngaineamh is ea bheadh do shliocht agus bheadh clann do bhroinne chomh tiubh lena ghráinní! Choíche go deo ní bheadh d' ainm stoite scriosta os mo chomhair.
Amach libh as an mBablóin! Greadaigí chun siúil ó na Caildéigh! Le gártha áthais foilsigí, fógraígí an scéala; craolaigí é go críocha na talún. Abraigí: Tá an Tiarna tar éis a ghiolla Iacób a fhuascailt!
Ní raibh tart orthu agus iad á gcinnireacht tríd an bhfásach aige; chuir sé uisce ag scairdeadh as an gcarraig dóibh, scoilt sé an charraig agus bhrúcht an t-uisce amach aisti.