Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce; fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí; Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as, agus fíon agus bainne gan íoc. |
| 2 |
| Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é, agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann? Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia. |
| 3 |
| Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo, an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví. Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, |
| 4 |
| Is amhlaidh atá tú mar fhinné agam do na ciníocha, i do cheannaire agus i do cheann comhairle ar na náisiúin. |
| 5 |
| Seo, glaofaidh tú ar chiníocha nárbh aithin duit agus tiocfaidh ciníocha gan aithne ort chugat ina rith. Toisc an Tiarna, do Dhia, agus Neach Naofa Iosrael, ós é a chuir maise ort. |
| 6 |
| Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil; glaoigí air, fad atá sé i ngar. |
| 7 |
| Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas. |
| 8 |
| Óir ní hiad mo bhearta bhur mbearta, ná ní hiad bhur mbealaíse mo bhealaíse, briathar an Tiarna. |
| 9 |
| Is ard iad na spéartha os cionn na talún, agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaí agus mo bhearta os cionn bhur mbearta. |
| 10 |
| Óir mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha agus nach bhfilleann suas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann, chun go dtuga sé síol don síoladóir agus arán le hithe, |
| 11 |
| is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b' áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur i gcrích. |
| 12 |
| Sea, imeoidh sibh amach faoi lúcháir agus tabharfar abhaile sibh slán sábháilte. Sléibhte agus cnoic, ligfidh siad gártha áthais romhaibh agus beidh crainn uile na tíre ag bualadh bos. |
| 13 |
| In ionad driseacha beidh an chufróg ag fás, agus in áit na neantóg an miortal. Déanfaidh sin clú agus cáil don Tiarna, beidh ina chomhartha nach gcaitear agus nach mbristear! |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/isaiah/055.mp3
66
55