×

Bíobla Naofa 1981

Íseáia 6

1
Gairm Íseáia
2
bhí saraifíní os a chionn, sé cinn d' eiteoga ar gach aon acu; dhá cheann ag clúdach a ngnúise, dhá cheann lena gcosa a chlúdach, dhá cheann chun eitilte.
3
Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile: «Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua. Tá an talamh lán dá ghlóir.»
4
Bhí bacáin na tairsí ar crith le glór an té a bhí ag scairteadh agus bhí an Teampall á líonadh le deatach.
5
Arsa mise: Is mairg dom, tá mé caillte, óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan, tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlan agus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.
6
Thainig ceann de na saraifíní ar eitilt chugam, agus aibhleog ina láimh aige a thóg sé le tlú ón altóir.
7
Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt: «Seo, cuimleadh í seo le do bheola, tá do pheaca scriosta, tá d' urchóid clúdaithe.»
8
Ansin chuala mé glór an Tiarna, á rá: «Cé a chuirfidh mé uaim? Cé a labhróidh thar mo cheann?» D' fhreagair mise: «Seo anseo mise, cuir mise!»
9
Dúirt sé liom: «Imigh agus abair leis an bpobal seo: ' Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint, breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil.
10
Déan croí an phobail seo trom, déan a gcluasa bodhar, dall a gcuid súl, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, go gcloisfeadh a gcluasa, go dtuigfeadh a gcroí, go n-iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.'»
11
Arsa mise: «Cá fhad, a Thiarna?» D' fhreagair sé mé: «Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad, na tithe gan duine daonna, an tuath tréigthe,
12
agus go ndíbrí an Tiarna na daoine as. Fásach mór a bheidh i gcroílár na tíre,
13
agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán, is é an scrios atá i ndán dóibh freisin, ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán. Síol naofa is ea an grágán sin.»
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí