Is mar seo a deir an Tiarna: «Ná toghaigí bealaí na náisiún, ná bíodh eagla oraibh roimh chomharthaí neimhe, bíodh agus go mbíonn eagla ar na náisiúin rompu.
Is taibhsí préachán iad i ngarraí mealbhacán, agus balbh dá réir; is éigean a n-iompar, ó tharla gan siúl acu. Ná bígí eaglach rompu: ní thig leo olc a dhéanamh ná fós, an mhaith!»
Cé hé an té nach dtabharfadh urraim duit, ó a Rí na gciníocha? Sea, is duitse is dual é seo. De bhrí nach bhfuil i measc críonna uile na gciníocha, agus ina ríochtaí uile, aon duine cosúil leatsa.
airgead spréite as Tairsís, agus ór as Óifír obair an tsnoíodóra agus saothar an cheardaí óir; saothar ceardaí éigin iad go huile; gléastar iad in éadach, corcra agus corcairghorm.
Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo. Is é an Rí síoraí é. Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg, ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.
Nuair a dhéanann sé toirneach bíonn tormán uisce sna flaithis; tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún, déanann tintreach le haghaidh na fearthainne agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.
Ar an uair sin tagann ionadh agus alltacht ar gach aon duine, deargann gach órcheard mar gheall ar íol a lámh. óir is bréaga a chuid íol gan puth anála iontu.
Óir is mar seo a deir an Tiarna: «Teilgfidh mé amach anois muintir na tíre, an uair seo, agus cuirfidh mé i sáinn iad, féachaint an bhfaighidh siad ansin mé!»
ach anois tá mo bhoth scriosta, mo rópaí uile briste, d' imigh mo chlann mhac uaim agus níl siad ann; níl duine fágtha agam a shínfidh mo bhoth an athuair, ná a chrochfaidh na scáthéadaí taoibhe.»
Doirt amach do dhíbheirg ar na náisiúin nach dtugann aithne duit, agus ar na ciníocha nach ngaireann ar d' ainm, óir d' ith siad Iacób agus shlog siad é, agus rinne siad a áitreabh uaigneach.