Tar éis mórán laethanta dúirt an Tiarna liom: «Éirigh agus imigh leat go dtí an Eofrataes agus tóg as sin an crios a d' ordaigh mé duit a fholach ann.»
An pobal dona seo a dhiúltaíonn mo bhriathar a éisteacht, a imíonn de réir comhairle a gcruachroí féin, a chuaigh i ndiaidh déithe eile, a dhéanamh freastail orthu agus á n-adhradh, bídís ar nós an chreasa seo, gan mhaith.
Óir díreach mar a theannann an crios le com duine, is mar sin ba rún domsa teach Iúdá uile a theannadh liomsa an Tiarna a labhraíonn go mbeidís ina bpobal agam, ina nglóir, ina n-onóir, ina moladh agam. Ach níor éist siad.'
«Abair leis an bpobal seo: 'Is féidir aon chrúsca a líonadh le fíon.' Agus má fhreagraíonn siad thú: 'Nach fios dúinne go deimhin gur féidir aon chrúsca a líonadh le fíon?'
séard a déarfaidh tusa leo: 'Is mar seo a deir an Tiarna: Líonfaidh mé anois áitritheoirí uile na tíre seo le meisce, na ríthe a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, na sagairt agus na fáithe, agus muintir uile Iarúsailéim.
Déanfaidh mé iad a ghreadadh in aghaidh a chéile, athair agus mac in éineacht an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh trua agam, ní choigleoidh mé, ní dhéanfaidh mé trócaire, ach scriosfaidh mé iad.'»
Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.
Mura n-éisteann sibh leis an rabhadh seo, caoinfidh mé go haonraic bhur n-uabhar, líonfaidh mo shúile le deora, mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.
«Ardaigh do shúile, a Iarúsailéim, agus féach an dream atá ag teacht anois as an tuaisceart. Cá bhfuil an tréad a tugadh duitse uair ar iontaoibh, an tréad as a ndéanfá mórtas?
Céard a déarfaidh tú nuair a thiocfaidh siad anuas ort mar bhuaiteoirí, an dream a mhúin tú féin a bheith mar chairde agat? Nach mbéarfaidh doilíos ort fearacht mná i dtinneas clainne?
Má deir tú leat féin i do chroí: ' Cad chuige ar éirigh na nithe seo domsa?' Is mar gheall ar mhéid d' oilc a ardaíodh do chótaí agus a tugadh ainíde duit.
An bhféadann an tAetópach a chraiceann a mhalairt nó an liopard a bhreacadh? Agus tusa, an bhféadann tú maith a dhéanamh, tusa a ghnáthaíonn déanamh an oilc?
d' adhaltranais, do ghártha macnasa, gráin do striapachais! Ar na cnoic faoin tuaith chonaic mé do nithe gránna. Mairg duit, a Iarúsailéim, atá go fóill neamhghlan! Cá fada duit fós ag leanúint ort mar seo?»