«Imigh agus fógair é seo in éisteacht Iarúsailéim: Seo mar a deir an Tiarna: ' Cuimhním ar dhíograis d' óige, do ghean brídeoige an t-am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach, i bhfearann nár cuireadh.
Bhí Iosrael coisricthe don Tiarna, céadtorthaí a fhómhair; Ní raibh aon duine, dár bhlais de, nár íoc as; tháinig an anachain orthu, is é an Tiarna a labhraíonn.'»
Seo mar a deir an Tiarna: «Cén t-easnamh a bhraith bhur n-aithreacha ormsa a thug orthu mise a thréigean? Shiúladar ar lorg díomhaointis, agus rinneadh díomhaoin iad.
Ní dúirt siad riamh: 'Cá bhfuil an Tiarna, a thug aníos sinn as tír na hÉigipte, a threoraigh sinn tríd an bhfiántas, trí fhearann lom fásaigh, tír thriomaigh dhorcha, tír nach siúlann aon taistealaí agus nach bhfuil cónaí duine ann?'
Thug mé sibh go tír thorthúil, a ithe a torthaí agus a maitheasa; ach níor luaithe sibh ann ná gur thruailligh sibh mo dhúiche go ndearna sibh m' oidhreacht fuafar.
Níor fhiafraigh na sagairt riamh: 'Cá bhfuil an Tiarna?' Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé. D' éirigh na tréadaithe amach i m' aghaidh; rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál, ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.
Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta: thréig siad mise, foinse an uisce bheo, agus thochail siad dabhcha dóibh féin, dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.
Tá d' olc féin do do smachtú, do shleamhnú thar n-ais do do cheartú; bíodh a fhios go maith agat gur searbh agus gurb olc an mhaise duit an Tiarna do Dia a thréigean agus gan m' eagla a bheith ionat is é Tiarna na Slua a labhraíonn.
Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing, ó réab tú do chuibhreacha, á rá: 'Ní bheidh mise i mo shearbhónta.' Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ard agus faoi gach crann craobhach luigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.
Conas a fhéadann tú a rá: 'Níl mise truaillithe, ní dheachaigh mise i ndiaidh na mBálaím'? Féach, lorg do chos sa ghleann, agus admhaigh céard tá déanta agat. Camall baineann anonn agus anall,
déanann sí ar an bhfásach ag smúrthacht ar an ngaoth go macnasach. Cé a fhéadann í siúd a smachtú agus í ar dáir? Ní bheidh stró ar an té a bheidh á lorg. Gheofar í [ag cúpláil].
Fainic! Ní fada go siúla do chosa féin gan bhróga, go mbeidh do theanga féin ina spalladh le tart. Ach dúirt tú: 'Nach cuma? Óir táim i ngrá le strainséirí agus is ar a lorg siúd a rachaidh mé.'
a deir le smután adhmaid: 'Is tú m' athair,' le cloch: 'Is tú a thug ar an saol mé.' Iompaíonn siad a ndroim liomsa agus ní hé a n-aighthe; ach in am a mbuartha béiceann siad: ' Éirigh agus sábháil sinn.'
Cá bhfuil na déithe sin leat a rinne tú duit féin? Éirídís siúd, má fhéadann siad do shábháil in am do bhuartha! Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe; ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí ag Bál.
A bhaicle gan náire! Éistigí le briathar an Tiarna Dia: An raibh mise i m' fhásach do Iosrael, nó i m' fhearann dlúth dorcha? Cad chuige mar sin go n-abrann mo phobalsa: ' Tá cead ár gcos againn, ní thiocfaimid chugat feasta'?
An ndéanann maighdean dearmad ar a hornáidí, nó brídeog dearmad ar a feisteas pósta? Ach ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise laethanta gan áireamh.
Beidh ort imeacht as an áit sin freisin agus do lámha ar do chloigeann agat, mar tá fir do dhóchais caite uaidh ag an Tiarna, agus ní dhéanfaidh tú biseach leo.»