An focal noch tháinic chum Ieremiah ón TTIGHEARNA, a núair do chur an rígh Sedeciah chuige Passur mhac Melchiah, agus Sephaniah mhac Maaseiah an sagart, gha rádh,
Ceastnuigh, íarruim dathchuinge ort, ris an TTIGHEARNA air ar soinne; (óir atá Nebuchadressar rígh na Babilóine ag déanamh cogaidh oruinn); má ní an TIGHEARNA rinn do réir a uile oibreach iongantach, go rachuidh sé súas uáinn.
Is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel; Féuch, fillfidh mé ar ais na hairm chogaidh atá an bhur lámhuibh, lé ttroidthí a naghaidh rígh na Babilóine, agus a naghaidh na Ccaldeánach, noch shuíghios bhur dtimchioll taobh amuigh do na balladhuibh, agus cruinneochá mé íad a lár na caithreachso.
Agus na dhiáigh sin, a deir an TIGHEARNA, seachóduigh mé Sedeciah rígh Iúdah, agus a sheirbhísigh, agus na daoine, agus an mhéid do fágbhadh annsa chathruighsi ón bpláigh, ón cclóidheamh, agus ón ghorta, a láimh Nebuchad‐ressar rígh na Babilóine, agus a láimh a námhad, agus a láimh na ndaóine íarras a mbás: agus buáilfidh sé íad le fáobhar an chloidhimh; ní choigeoluidh sé íad, ní mó bhías truáighe, nó trócaire aige dhóibh.
An té fhanfas annsa chathruighsi éugfuidh sé ris an ccloidheamh, agus ris an ngorta, agus ris an bpláigh: acht mairfidh an té rachas amach, agus thuitfios chum na Ccaldeánach champuighios oruibh, agus biáidh a bheatha aigesion mar éadáil.
Oír do chuir misi maghaidh a naghaidh na caithreachso chum uilc, agus ní chum maitheasa, deir an TIGHEARNA: do béarthar a láimh rígh na Babilóine í, agus loiscfidh sé í lé teine.
A thigh Dháibhi, is marse a deir an TIGHEARNA; Déan breitheamhnus ar maidin, agus tárthuigh an té do milleadh amach as láimh an mhilltéora, deagla go rachadh mfearg amach amhuil teine, agus go loisgfeadh chor nach bhféadfadh áonduine a múchadh, do bhrígh uilc bhur ngníomh.
Féuch, atáim ad aghaidh, a áitreabhuigh an ghleanna, agus chairge an réitigh a deir an TIGHEARNA; noch a deir, Cía thiucfas a núas ar naghaidh? nó cía rachus ann ar ttighthibh?
Acht smaichteocha mé sibh do réir sochair bhur ngníomh, a deir an TIGHEARNA: agus lasfa mé teine iona fhoraoissin, agus loisgfidh sé a nuile ní na thimchioll faccuáirt.