Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Is iad seo briathra na litre a chuir Irimia fáidh ó Iarúsailéim chun na seanóirí sin a tugadh ar deoraíocht, chun na sagart, na bhfáithe agus chun an phobail uile a rug Nabúcadnazar leis ar deoraíocht ó Iarúsailéim don Bhablóin. |
| 2 |
| Ba tar éis Iacoiniá an rí, an ríonmháthair, na seomróirí, maithe Iúdá agus Iarúsailéim, agus na gaibhne agus na ceardaithe a imeacht as Iarúsailéim é. |
| 3 |
| Seachadadh an litir le cabhair Ealásá mac Sheáfán agus Ghamairiá mac Hilcíá a chuir Zidicíá rí Iúdá don Bhablóin go Nabúcadnazar rí na Bablóine. Mar seo a ghabh an litir: |
| 4 |
| Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, leis na deoraithe uile a tugadh ar shiúl ó Iarúsailéim don Bhablóin: |
| 5 |
| «Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu; cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí; |
| 6 |
| tógaigí mná agus ginigí mic agus iníonacha; toghaigí mná do bhur mic; faighigí fir do bhur n-iníonacha le go mbeire siadsan, ar a seal, mic agus iníonacha; caithfidh sibh dul i líonmhaire ansin agus ní i laghad. |
| 7 |
| Déanaigí leas na [tíre] inar chuir mise sibh ar deoraíocht; guígí chun an Tiarna ar a son, óir is ar a leas siúd atá seasamh bhur leasa-sa ag brath.» |
| 8 |
| ach is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: 'Ná mealladh bhur bhfáithe sibh ná na greasadóirí atá in bhur measc; ná héistigí leis na haislingeacha a aislingíonn siad, |
| 9 |
| óir tairngríonn siad daoibh go bréagach i m' ainmse. Ní mise a chuir uaim iad an Tiarna a labhraíonn.'» |
| 10 |
| Óir is mar seo a deir an Tiarna: «Ní go mbeidh an seachtó bliain a deonaíodh don Bhablóin istigh, a thiocfaidh mé ar cuairt chugaibh agus a chomhlíonfaidh mé mo gheallúint daoibh, sibh a thabhairt ar ais don áit seo. |
| 11 |
| Óir tá fios mo smaointe agam in bhur dtaobh an Tiarna a labhraíonn smaointe síochána agus ní oilc, a thabhairt croí agus dóchais daoibh. |
| 12 |
| Ansin nuair a ghlaoifidh sibh ormsa, nuair a thiocfaidh sibh chun impí ormsa, éistfidh mé libh. |
| 13 |
| Nuair a iarrfaidh sibh mé gheobhaidh sibh mé, nuair a iarrfaidh sibh mé le bhur gcroí go hiomlán. |
| 14 |
| Beidh mise ar fáil agaibh an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais bhur gcuid daoibh, agus cruinneoidh mé sibh as na ciníocha uile agus as gach uile áit ar dhíbir mé sibh, an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais sibh chun na háite as ar ruaig mé sibh. |
| 15 |
| B' fhéidir go n-abróidh sibh: 'Thóg an Tiarna fáithe suas dúinn sa Bhablóin', |
| 16 |
| Óir is mar seo a deir an Tiarna faoin rí a shuíonn anois ar ríchathaoir Dháiví agus faoi na daoine eile a chónaíonn sa chathair seo, bhur ndeartháireacha nach ndeachaigh amach libh i mbraighdeanas. |
| 17 |
| Is mar seo a deir Tiarna na Slua: «Tabharfaidh mé anois an claíomh orthu, an gorta agus an phlá; déanfaidh mé cosúil le fígí lofa iad nach féidir a ithe ar a n-olcas. |
| 18 |
| Leanfaidh mé iad leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá, agus déanfaidh mé díol uafáis díobh do ríochtaí uile an domhain, ina mallú, ina n-iontas, ina magadh, ina scige i measc na gciníocha uile inar dhíbir mé iad, |
| 19 |
| de bhrí nár éist siad le mo bhriathra an Tiarna a labhraíonn bíodh agus gur chuir mé chucu gan scor mo sheirbhísigh, na fáithe. Níorbh áil leo ina dhiaidh sin éisteacht an Tiarna a labhraíonn.» |
| 20 |
| Ach, a dheoraithe uile a chuir mé ó Iarúsailéim don Bhablóin, éistigí briathra an Tiarna: |
| 21 |
| «Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, i dtaobh Acháb mhic Chóláiá agus Zidicíá mhic Mhásaeiá a thairngríonn bréaga daoibh i m' ainmse: 'Seachadfaidh mé iad i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine a mharóidh iad os comhair bhur súl. |
| 22 |
| Uathusan an mhallacht seo a bheidh ar bhéala deoraithe uile Iúdá sa Bhablóin: Go ndéana an Tiarna thusa cosúil le Zidicíá agus Acháb a bhruith rí na Bablóine beo beathach. |
| 23 |
| Sin oidhe an dreama a dhéanann míchlú in Iosrael, ag déanamh adhaltranais le mná a gcomharsana, ag labhairt briathra bréagacha i m' ainmse gan ordú uaimse. Tá a fhios agamsa ina dhiaidh sin; feicim, an Tiarna a labhraíonn.'» |
| 24 |
| Chuir Seamaiá as Nihealám litir uaidh féin |
| 25 |
| chuig an bpobal uile in Iarúsailéim, an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá agus chuig na sagairt uile á rá: |
| 26 |
| «Rinne an Tiarna sagart díotsa mar chomharba Iahoideá chun riail a choinneáil i dTeampall an Tiarna; i gcás an duine atá ar mire agus a dhéanann fáidh de féin is é do dhualgas é siúd a chur sna ceapa agus i gcoiléar iarainn. |
| 27 |
| Ós amhlaidh atá, cad chuige nár smachtaigh tú Irimia ó Anatót a dhéanann fáidh de féin daoibhse? |
| 28 |
| Óir faoi scáth an chur i gcéill seo sheol sé teachtaireacht chugainne sa Bhablóin á rá: 'Is fada an daoirse seo. Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu, cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí.'» |
| 29 |
| Léigh Zafainiá sagart an litir seo os ard do Irimia fáidh. |
| 30 |
| Ach tháinig briathar an Tiarna go Irimia: |
| 31 |
| «Cuir an teachtaireacht seo chun na ndeoraithe uile: 'Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Sheamaiá ó Nihealám: De bhrí gur thairngir Seamaiá daoibhse agus nach mise a chuir uaim é, agus mar gur thug sé oraibh dóchas a chur anois i mbréag, |
| 32 |
| ar an ábhar sin a deir an Tiarna gearrfaidh mé pionós ar Sheamaiá ó Nihealám agus ar a shliocht ina dhiaidh; fireannach amháin dá chlann ní mhairfidh beo i measc na ndaoine seo le go bhfeicfeadh an mhaith a dhéanfaidh mé ar mo phobal an Tiarna a labhraíonn de bhrí gur theagaisc sé iompú ón Tiarna.'» |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/jeremiah/029.mp3
52
29