Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh in aghaidh na bhFilistíneach sular thóg Forann Gazá de ruathar. |
| 2 |
| Is mar seo a deir an Tiarna: «Féach, cé mar éiríonn na huiscí ón tuaisceart; briseann siad ina dtuile thar bruach; báitear an tír agus gach a bhfuil ann, na bailte agus lucht a gcónaithe! Scairteann na fir in ard a gcinn, tá éamh le clos ó áitritheoirí uile na tíre, |
| 3 |
| le tormán cruite a chuid staileanna, le toithréim a charbad, le díoscán a roilleán. Dearmadann aithreacha a gclanna; éiríonn a lámha lag. |
| 4 |
| Óir tá an lá tagtha ina scriosfar na Filistínigh uile, ina scoirfear ó Thuíre agus ó Shíodón a lucht taca ar fad. Sea, tá an Tiarna ag creachadh na bhFilistíneach, an fuíoll as Inis Chaftór. |
| 5 |
| Ceann bearrtha ar Ghaza! Sost ar fud Aiscileon! Aisdeod, a bhfuil fágtha de Anácaím, cá fhad a ghearrfaidh tú thú féin? |
| 6 |
| Ó, a chlaíomh an Tiarna, Cá fhad go mbeidh tú suaimhneach? Isteach leat i do thruaill, éirigh as, bí socair! |
| 7 |
| Conas is féidir dó a bheith suaimhneach ó thug an Tiarna ordú dó? In éadan Aiscileon agus bord na farraige, is chucusan a d' ordaigh sé é.» |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/jeremiah/047.mp3
52
47