I dtaobh Mhóáb: Is mar seo a deir an Tiarna na Slua, Dia Iosrael: «Is mairg do Neabó, óir tá sé airgthe; gabhadh Ciriataím, níl istigh ann ach mearbhall agus scéin.
Ní ábhar maíte é ag Móáb a thuilleadh! bheartaigh siad a bhriseadh ag Heisbeon: ' Tagaigí! gearraimis amach é ó bheith ina chine!' Gearrfar síos thusa freisin, a Mhadmaen, ní fada uait an claíomh.
Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidre tógfar thusa freisin i láimh. Rachaidh Camóis i mbraighdeanas mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.
Bhí Móáb i suaimhneas óna óige; shuigh sé ar a mhoirt; níor folmhaíodh é ó shoitheach go soitheach; níor chuaigh riamh i mbraighdeanas; uime sin choinnigh sé a bhlas dílis féin, níor aistríodh a bholadh.
«Mar sin tá na laethanta atá ag teacht is é an Tiarna a labhraíonn a gcuirfidh mise ruagairí chuige a dhéanfaidh é a aistriú; folmhóidh siad a shoithí agus brisfidh i smidiríní a bhuidéil.
Sibhse a chónaíonn in aice leis, golaigí ar a shon, sibhse uile arbh eol daoibh a ainm. Abraigí: 'Cé mar a briseadh an bata láidir sin, an ríshlat bhreá sin!'
Tar anuas ó do ghlóir, suigh san [aoileach], a iníon a chónaíonn i nDíobón, slán sábháilte sa bhaile; tá scriosadóir Mhóáb tagtha ort; tá do dhaingin tógtha aige.
Golaim ar do shon níos mó ná ar son Iazaer, a fhíniúin Shuibmeá; shín do chuid buinní thar farraige, an bealach ar fad go Iazaer. Tá an scriosadóir tagtha ar do thorthaí fómhair, ar thorthaí d' fhíniúna.
Sciobadh gairdeachas agus lúcháir ó thír Mhóáb. Deoir níl fágtha sna cantaoirí fíona, níl an fómharaí fíona ag pasáil a thuilleadh: ar ghlórtha gealgháireacha tá múchadh tagtha.
«Tá éamh Heisbeon agus Eileálae le clos i Iahaz. Téann an screadach ó Zoar go Horónaím agus Eaglat Silísia, óir tá uiscí Nimrím ag éirí uaigneach anois.
Sin é an fáth a bhfuaimníonn mo chroí ar nós píobáin ar son Mhóáb, a bhfuaimníonn sé ar nós píbe ar son muintir Chír Heireas: de bhrí go ndeachaigh an saibhreas mór sin amú.
Ar dhíonta tithe Mhóáb agus ina shráideanna, níl le clos ach caoineadh, mar bhris mé Móáb mar a bhrisfí soitheach nach dteastaíonn ó aon duine an Tiarna a labhraíonn.
Céard é seo! Briste? Céard é seo! Móáb an ea, á chur ar gcúl go náireach? Céard é seo! Móáb a bheith ina scige, ina ábhar uafáis ag a chomharsana uile?»
Tógfar i láimh na bailte, beidh seilbh ar na háiteanna daingne. («Agus beidh croí na bhfear cogaidh an lá sin i Móáb mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.)
An té a theitheann ón scéin, titfidh sé isteach sa pholl; ag dreapadh aníos as an bpoll dó tógfar sa ghaiste é. Sea, sin iad [na sciúirsí] a bhuailfidh mé ar Mhóáb i mbliain a chuardaithe an Tiarna a labhraíonn.
Rinneadar moill faoi dhíon Heisbeon, na teifigh agus iad go traochta. Ach tháinig tine as Heisbeon, lasair as pálás Shíochon; loisc sé malaí Mhóáb, cloigeann na ndaoine ceannairceacha.