I dtaobh chlann mhac Amón. Is mar seo a deir an Tiarna: «Nach bhfuil mic ar bith ag Iosrael? Nach bhfuil oidhre ar bith aige? Cad chuige a bhfuil Miolcom ina oidhre ar Ghád agus a gcónaíonn a mhuintir siúd ina bhailte?
Uime sin tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn ina dtabharfaidh mise faoi deara caismirt chogaidh a chloisteáil in aghaidh Rabat na nAmónach; beidh sí ina cairn uaigneach, dófar a hiníonbhailte go talamh. Ansin creachfaidh Iosrael lucht a chreachta siúd an Tiarna a labhraíonn.
Uaill, a Heisbeón! [Tá an scriosadóir chugat.] Golaigí os ard, a iníonacha Rabá! Gabhaigí sibh féin i sacéadach, caoinigí in ard bhur gcinn, siúlaigí síos suas agus [bhur gcolainn scortha]. Óir tá Miolcom ag dul ar deoraíocht, mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.
Ach tabharfaidh mise anuas ort imeagla ó gach taobh; díbreofar chun siúil thú, gach aon fhear ina shlí féin, agus gan aon duine ann chun na teifigh a chruinniú.
I dtaobh Eadóm. Is mar seo a deir an Tiarna: «An é nach bhfuil críonnacht fágtha i dTéamán? Ar imigh a chomhairle ón [nglic]? An ndeachaigh a eagna ar neamhní?
Óir is mise atá ag lomadh Éasau, nochtaimse a áiteanna folaithe, go dtí nach bhféadfaidh sé é féin a cheilt. Scriosadh a shíol: tá deireadh leis! Ní [déarfaidh] oiread agus duine dá chomharsana:
Óir is mar seo a deir an Tiarna: «An drong nach raibh ceangal orthu ól den chupán, ní mór dóibh a ól anois; agus an tusa an té a rachadh gan pionós? Ní rachaidh, mhaise: go deimhin ólfaidh tusa de!
Óir mhionnaigh mise dar mé féin an Tiarna a labhraíonn: Beidh Bozrá ina uafás, ina scige, ina fhásach, ina mhallú, agus a bhailte uile ina bhfásach síoraí.»
Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d' airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís an Tiarna a labhraíonn.
Amhail mar a bhí i scrios Shodom agus Ghomorá, agus sna bailte timpeall ní fhanfaidh duine ann níos mó, ní dhéanfaidh aon fhear cónaí ann go deo, a deir an Tiarna.
«Féach, cé mar a thagann an leon aníos as mothar na Iordáine chuig an féarach marthanach! Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad, agus cuirfidh mé ann mo rogha duine. Óir cé is cosúil liom? Cé a fhéadann mise a chiontú? Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m' éadan.
Mar sin éistigí le comhairle an Tiarna atá socair aige in éadan Eadóm, an plean atá beartaithe aige in éadan áitritheoirí Théamán: Sea, tógfar chun siúil fiú an té is laige den tréad, ar a fheiceáil sin dóibh, beidh a dtréad ar ballchrith.
Seo é an té a bhíonn ag eitilt agus ag foluain ar nós iolair, a leathnóidh a sciatháin os cionn Bhozrá. Agus beidh croí fhir chogaidh Eadóm an lá sin mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.»
I dtaobh na Damaisce: «Tá mearbhall ar Hamát, mar an gcéanna le hArpad; chuala siad drochscéala. Tá a gcroí [breoite le teann eagla]. Ní féidir iad a shuaimhniú.
I dtaobh Chéadar agus ríochtaí Hazór a chuir Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi chois. Is mar seo a deir an Tiarna: «Éirígí! Tugaigí aghaidh ar Chéadar, scriosaigí clann mhac an oirthir!
Gabhtar a gcuid bothanna agus a dtréada; tógtar a mbratacha agus a soithí uile, agus freisin a gcuid camall. Déantar fógairt dóibh: ' Eagla ar gach uile thaobh!'
Teithigí! Folaigí sibh féin chomh mear agus is féidir libh, A chathróirí Hazór! Is é an Tiarna a labhraíonn. Óir tá plean ag Nabúcadnazar in bhur n-éadan, tá comhairle ar a aigne aige in bhur n-éadan:
Beidh a gcamaill ina n-éadáil, agus iomadúlacht a gcaorach ina gcreach.' Scaoilfidh mé leis na gaotha uile iad, na bearracháin sin, agus tabharfaidh mise anachain orthu ó gach taobh an Tiama a labhraíonn.
Tabharfaidh mé ar Éalám na ceithre gaotha ó cheithre airde neimhe, «agus scaoilfidh mé na hÉalámaigh leis na gaotha; ní bheidh cine ar bith nach dtiocfaidh díbeartaigh Éalám chucu.
«Tabharfaidh mé ar na hÉalámaigh creathnú i láthair a naimhde i láthair na droinge a iarrann a mbás. Tabharfaidh mé olc anuas orthu, m' fhearg bhorb féin. Ruaigfidh mé iad le béal an chlaímh, go gcuirfidh mé deireadh leo.