Ná síneadh aon bhoghdóir a bhogha! Ná siúladh aor fhear go móiréiseach faoina chóta máilleach! Ná tabhair anacal dá saighdiúirí óga! Maraígí tríothu agus tharstu, a slua uile!
5a Ach níl Iosrael (ná Iúdá) tréigthe ag a nDia, Tiarna na Slua. 5b Tharla seo mar go raibh tír na gCaildéach lán de pheacaí in aghaidh Aon Naofa Iosrael. ABN: v5b, v5a
Téigí amach as an mBablóin (sábháileadh an uile dhuine a anam); ná cailltear sibh féin ina tubaiste, óir is í seo uair dhíoltas an Tiarna. Tá sé ag cúiteamh a luaíochta léi.
' Thugamar faoi leigheas na Bablóine; ach níor tháinig uirthi biseach. Ligigí di agus téanaimis, gach fear againn, dá thír féin.' Sea, sroicheann a breithiúnas go neamh; ardaítear é chun na spéartha.
Bioraigí na saigheada, líonaigí na bolgáin! «Mhúscail an Tiarna spiorad rí na Méideach, óir tá plean aige in aghaidh na Bablóine, á milleadh; seo é díoltas an Tiarna, a chúiteamh mar gheall ar a Theampall.
Taispeánaigí an bratach in aghaidh múrtha na Bablóine! Neartaigí an garda! cuirigí na fir faire ina láithreacha! Gléasaigí na luíocháin! Óir rinne an Tiarna beart, agus chaith sé le cathróirí na Bablóine faoi mar gheall sé.
Is dar é féin a mhionnaigh Tiarna na Slua: Dá mba é gur líon mé thú le fir mar na lócaistí ar a líonmhaire, thógfaí ina dhiaidh sin an gháir chatha i d' aghaidhse!
Nuair a dhéanann sé toirneach bíonn tormán uisce sna flaithis; tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún, déanann tintreach le haghaidh na fearthainne, agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.
Leis sin tagann ionadh agus alltacht ar gach n-aon; deargann gach órcheardaí mar gheall ar íola a lámh, óir is bréaga a chuid íol, gan puth anála iontu.
«Ach foilseoidh mé duit conas a chúiteoidh mé leis an mBablóin agus le háitritheoirí uile Chaildéa gach olc dá ndearnadar do Shíón. Is é an Tiarna a labhraíonn.
Is leatsa a dhéanaim achrann, a shliabh mhilltigh, an Tiarna a labhraíonn a mhilleann an talamh uile! Sínfidh mé amach mo lámh i d' aghaidh, agus tiomáinfidh mé anuas as na creaga thú agus déanfaidh mé sliabh loiscthe díot.
«Cuirigí an bratach ar foluain ar fud an domhain; séidigí an stoc i measc na náisiún, ullmhaígí na náisiúin ina haghaidh; gairigí ar na ríochtaí i gcionn a chéile ina héadan: Ararat, Minní, Aisceanáz; glaoigh rolla a naimhde, a cheannfoirt! Ordaígí don mharcshlua teacht suas, go colgach ar nós na lócaistí.
Tá an talamh á shuaitheadh agus é ar crith, mar bhí tionscnamh an Tiarna in aghaidh na Bablóine á chur i gcrích: a dhéanamh tír na Bablóine ina fásach gan daonra.
Scoir saighdiúirí na Bablóine den troid; tá siad ag fanacht ina ndaingin d' fheall a neart orthu; tá siad amhail mná anois. Tá a tithe cónaithe trí thine, a geataí briste ó chéile.
Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cosúil iníon na Bablóine le hurlár buailte nuair a bhítear ag pasáil air; tamall beag, agus [luífidh an gráinne] a baineadh ansin.»
«D' ith sé mise, d' alp sé mé, rí sin na Bablóine[, Nabúcadnazar]; rinne sé soitheach folamh díom, shlog sé siar mé mar a dhéanfadh dragan, líon sé a bholg de mo shólaistí.»
«Go gcúitítear leis an mBablóin an foréigean a rinne sí ormsa agus gach ar fhulaing mé!» a deir muintir Shíón. «Agus mo fhuil ar mhuintir Chaldéa!» a deir Iarúsailéim.
Uime sin is mar seo a deir an Tiarna: «Tagraímse féin do chúis le go ndéanfar díoltas dearfa ar do shon. Triomóidh mé a habhainn, fágfaidh mé a foinsí tirim.
An bhfuil fiabhras orthu? Ullmhóidh mise deoch dóibh agus tabharfaidh orthu a ól nó go dtiocfaidh orthu míogarnach agus codlóidh siad go síoraí, ní mhúsclóidh siad go deo an Tiarna a labhraíonn.
«Smachtóidh mise Béil sa Bhablóin agus tógfaidh mé amach as a bhéal an ní a shlog sé. Ní bheidh na náisiúin a thuilleadh ag teacht chuige ina scuaine. Tá balla na Bablóine ar lár.
Ach ná bígí go tromchroíoch! Ná scanraígí le gach scéal a bhíonn á reic ar fud na tíre: iomrá i mbliana, ceann eile an bhliain dár gcionn; tá foréigean in uachtar ar talamh agus cealaíonn tíoránach amháin tíoránach eile.
Féach, tá na laethanta ag teacht a dtabharfaidh mise breithiúnas ar íola na Bablóine. Beidh náire shaolta ar a dúiche ar fad, agus a mairbh uile sínte ina lár.
Ansin gairfidh neamh agus talamh agus gach a bhfuil iontu, le teann lúcháire mar gheall ar an mBablóin, óir tá na scriosadóirí ón tuaisceart ag teacht ina héadan an Tiarna a labhraíonn.
Ní mór don Bhablóin titim ar a seal, mar gheall orthu siúd a maraíodh in Iosrael, mar is tríd an mBablóin a thit an oiread sin marbh ar dhroim na talún.
Féach, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn a ndéanfaidh mise breithiúnas ar a híola, agus beidh an créachtach ag cneadach ar fud a críoch.
Dá mba ea go n-éireodh an Bhablóin suas chun neimhe, nó dá neartódh sí a dúnfort buacach, ina dhiaidh sin is uile thiocfadh scriosadóirí ar m' ordú anuas uirthi an Tiarna a labhraíonn.
Is é an Tiarna é ag scriosadh na Bablóine, ag sochtadh a gleo urghránna; ní miste di búirthíl a tonnta amhail uiscí móra agus fuaimneach a ngutha i bhfad.
Óir tá scriosadóir ag teacht de ruathar ar an mBablóin, tá a fir throda gafa, tá a mboghanna briste. Sea, is é an Tiarna Dia na luaíochta; cúitíonn sé go hiomlán.»
«Tabharfaidh mé ar a huaisle agus ar a saoithe ól, ar a rialtóirí a feidhmeannaigh agus ar a fir troda; titfidh codladh síoraí orthu agus ní mhúsclóidh siad, a deir an rí, darb ainm Tiarna na Slua.»
Is mar seo a deir Tiarna na Slua: «Leagfar go talamh ballaí leathana na Bablóine, agus loiscfear le tine a geataí arda. Is saothar in aisce mar sin saothar na gciníocha is í an tine is deireadh do thiaráil na náisiún.»
Anois bhí scríofa i leabhar faoi leith ag Irimia an tubaiste iomlán a thiocfadh ar an mBablóin, na briathra uile atá scríofa anseo i dtaobh na Bablóine.
Ansin déarfaidh tú: 'A Thiarna, tá sé fógraithe agat féin go scriosfar an áit seo, nach ndéanfar cónaí arís ann, ag duine ná ag ainmhí, ach go mbeidh sé ina fhásach go brách.'
á rá: 'Is mar seo a rachaidh an Bhablóin in íochtar, agus ní éireoidh sí choíche ón olc a thabharfaidh mise uirthi.'» Deireadh anseo le briathra Irimia.